Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 19:30 - An Bíobla Naofa 1981

30 “Cad ab áil leat ag trácht a thuilleadh ar do ghnóthaí?” arsan rí. “Tá sé socair agam go roinnfear an talamh idir thú agus Zíbeá.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Agus a dubhairt Mephibóset ris an rígh, Glacadh sé íomurro an tiomlán, ó tháinic mo thighearna an rígh a rís a síothcháin da thigh féin.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 19:30
7 Tagairtí Cros  

Tá mé caillte i do dhiaidh, a Iónátán, a dheartháirín ó. Ba thú mo lao is m'ansacht. Ba ghile liom do ghrá ná grá leannáin. 27 Conas a d'éag na gaiscígh? Conas a theip an trealamh catha?”


Bhí míle fear ó Bhiniáimin in éineacht leis. Zíbeá, searbhónta theaghlach Shóil, agus a chúigear mac déag, agus fiche seirbhíseach, shroich siad an Iordáin roimh an rí,


Ní raibh tuillte ó láimh mo thiarna an rí ag muintir m'athar ar fad ach an bás; ach dá ainneoin sin, chuir tú do shearbhónta i measc na muintire a shuíonn chun ithe ag do bhord féin. Cén ceart atá agamsa a thuilleadh fós a lorg ar an rí?”


“Bíodh sé go léir aigesean,” arsa Meirí Bál leis an rí, “ón uair gur tháinig mo thiarna an rí abhaile slán folláin.”


Ghlaoigh an rí ansin ar Zíbeá, searbhónta Shóil, agus dúirt leis: “Thug mé do mhac do mháistir gach ar bhain le Sól agus lena theaghlach go léir.


Ach ní fiú tráithnín liom mo bheatha dom féin chomh fada agus a thugaim mo chúrsa agus go gcomhlíonaim an dualgas úd a leag an Tiarna Íosa orm: fianaise a thabhairt ar dhea-scéal ghrásta Dé.”


Mar tá súil agus dóchas láidir agam nach gcuirfear aon náire ar aon chor orm ach le gach muinín anois mar ba ghnáth go nglóireofar Críost i mo chorp, cibé acu beatha nó bás atá i ndán dom.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí