Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 19:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 agus rinne siad cion fir ag iompar teaghlach an rí anall thar áth, agus ag déanamh cibé rud ba mhian leis. Ag gabháil thar Iordáin don rí, chaith Simeí mac Ghéara é féin ag a chosa

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus a dubhairt ris an rígh, Ná cuireadh mo thighearna éigceart am leithsi, agus ná cuimhnigh an ní do rínne do sherbhiseach go hainndligheach an lá do chuáidh mo thighearna an rígh as Ierusalem, as a ngéubhadh an rígh chuige ann a chroidhe é.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 19:19
17 Tagairtí Cros  

Dúirt a deartháir Aibseálóm léi: “An raibh do dheartháir Amnón ina luí leat? Socair anois, a dheirfiúr; sé do dheartháir é. Ná cuireadh sé seo buairt ar do chroí.” Ach d'fhan Támár go dubhach brónach i dteach a dearthár, Aibseálóm.


Ná bíodh sé á thaibhreamh do mo thiarna an rí go bhfuil clann mhac an rí go léir marbh. Níl marbh ach Amnón amháin.”


Bhí míle fear ó Bhiniáimin in éineacht leis. Zíbeá, searbhónta theaghlach Shóil, agus a chúigear mac déag, agus fiche seirbhíseach, shroich siad an Iordáin roimh an rí,


an té nach gcuireann an Tiarna cion ina leith, ‘s nach bhfuil cealg ina chroí.


Ná leag orainne coireanna ár sean agus ár sinsear; go dtaga do thrua inár ndáil gan mhoill mar tá srathair na hainnise ag brú orainn go dóite.


Má bhladhmann fearg an rialtóra amach i do choinne, ná fág do phost; óir coisceann an cheansacht coireanna móra.


Ormsa, ormsa a bhí sé gach rud a chur ar ceal agus gan do pheacaí a mheabhrú níos mó.


Ní bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mhúineadh, ná le deartháir a rá lena dheartháir: ‘Bíodh aithne ar an Tiarna agat!’ Ní hea, beidh aithne acu go léir orm, ón té is lú díobh go dtí an té is mó - an Tiarna a labhraíonn - óir maithfidh mé a n‑éigeart dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó.”


Dúirt Árón le Maois: “Fóir orainn, a thiarna! Ná hagair orainn peaca a rinneamar le baois ach ina bhfuilimid ciontach.


ag rá: “Ba pheaca dom fuil neamhchiontach a bhrath.” Ach dúirt siad sin: “Cad é sin dúinne? Féach féin chuige.”


Is é sin le rá go raibh Dia i gCríost ag tabhairt an domhain chun athmhuintearais leis féin, gan cionta na ndaoine a agairt orthu, agus gur fúinne a d'fhág sé fógairt an athmhuintearais sin.


An é inniú an chéad uair riamh agam ag lorg comhairle Dé dó? I bhfad uaim a leithéid! Ná cuireadh an rí aon ní i leith a shearbhónta ná i leith a mhuintire go léir, mar bhí do shearbhónta dall ar fad ar an ngnó go léir.”


Ná bíodh aon aird agat ar Nábál an drochmhianaigh, mar is cuma a nádúr nó a ainm; tuathalachán a ainm agus is tuathalach a mheon. Ach ní fhaca mise, do bhanóglach, na saighdiúirí a chuir mo thiarna.


D'fhreagair Sól: “Pheacaigh mé! Fill, a Dháiví, a mhic. Ní dhéanfaidh mé díobháil a thuilleadh duit, mar bhí an oiread sin urrama agat do mo bheo inniu. Baois, sea baois, a ba ea mo chúrsa, agus ba mhór é mo mhearbhall.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí