Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 18:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Ansin dúirt Aichímeáz mac Zádóc: “Caithfidh mé rith agus a rá leis an rí gur fhuascail an Tiarna é ó láimh a naimhde.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 ¶ Ann sin a dubhairt Ahimaas mhac Sadoc, Léig dhamhsa anois ríoth, agus scéula do bhreith chum an rígh, mar do dhioghuil an TIGHEARNA é ar a namhuid.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 18:19
15 Tagairtí Cros  

Dúirt an rí le Zádóc an sagart: “Féach, fillse agus Aibíátár ar ais faoi shíocháin chun na cathrach leis an mbeirt mhac agaibh, Aichímeáz do mhac féin agus Iónátán mac Aibíátár.


Agus féach, tá a mbeirt mhac, Aichímeáz mac Zádóc, agus Iónátán mac Aibíátár, in éineacht leo; seolfaidh sibh gach scéala a gheobhaidh sibh chugamsa lena gcabhairsean.”


Bhí Iónátán agus Aichímeáz ag feitheamh ag Tobar an Úcaire; bhí banseirbhíseach le dul chucu agus rabhadh a thabhairt dóibh, agus bhí siadsan le rabhadh a thabhairt don rí Dáiví mar ní ligfeadh an eagla dóibh go bhfeicfí ag dul isteach sa chathair iad.


Ach dúirt Ióáb: “Ní bheifeá i do theachtaire dea-scéala inniu; ach beidh tú lá éigin eile; ach ní bheidh dea-scéala agat dó inniu, mar tá mac an rí marbh.”


“Cibé a tharlóidh,” ar sé, “caithfidh mé rith.” “Rith leat, más ea,” arsa Ióáb. Ansin rith Aichímeáz leis bealach an mhachaire agus fuair sé an tosach ar an gCúiseach.


Ansin tháinig an Cúiseach i láthair. “Dea-scéala do mo thiarna an rí!” arsa an Cúiseach. “Rinne an Tiarna thú a fhuascailt inniu ó láimh gach duine a rinne ceannairc i d'aghaidh.”


Feiceann tusa an trioblóid is an buaireamh ionas go bhféadfá cúram a dhéanamh díobh. Is ortsa atá a sheasamh ag an ainniseoir, is tú a thugann cúnamh don dílleachta.


a sheasamh ceart na ndílleachtaí is an dream a d'fhulaing éigean ionas nach mbeadh an saoltánach ina chúis sceimhle dóibh feasta.


go leana mo namhaid mé is go mbeire sé orm, go ngabha sé de chosa i m'anam, is go leaga sé m'oineach sa luaithreach.


Tá na ciníocha slogtha síos sa chlais a rinneadar féin: sa líon a d'fholaigh siad féin a gabhadh a gcosa.


toisc gur cuireadh mo naimhde ar gcúl; thuisligh siad agus cailleadh iad i d'fhianaise.


Tá teachtaire ar leanúint teachtaire, giolla sna sála ar ghiolla chun a rá le rí na Bablóine gur gabhadh a chathair ó gach taobh;


Agus, a mhuintir na páirte, ná hagraigí díoltas ar dhuine ar bith; fágaigí an agairt faoi fhearg Dé de réir mar atá scríofa: “Fúmsa an díoltas,” a deir an Tiarna, “mise a chúiteoidh.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí