Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 18:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ansin chuir Dáiví tionól ar na sluaite a bhí ina theannta, agus cheap ceannairí mílte agus ceannairí céadta orthu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus do áirimh Dáibhi ná dáoine do bhí na fhochair, agus do rinne caiptínigh ar mhíltibh agus caiptínigh ar chéuduibh ós a gcionn.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 18:1
8 Tagairtí Cros  

Agus dúirt Maois le Iósua: “Togh buíon fear dúinn agus téigh amach chun troda le hAmailéic ar maidin amárach. Seasfaidh mise ar mhullach an chnoic agus slat Dé i mo láimh.”


Ach togh as an bpobal i gcoitinne fir a bhfuil cumas iontu agus eagla Dé orthu, fir chreidiúnacha dhobhreabtha; agus ceap iad seo ina gceannairí ar an bpobal i bhfeighil mílte agus céadta agus leathchéadta agus deichniúr.


Thogh Maois daoine cumasacha as Iosrael ar fad agus chuir i bhfeighil an phobail iad, ina gceannairí mílte, agus céadta, agus leathchéadta agus deichniúr.


Bhí fearg ar Mhaois le ceannasaithe an airm, ceannairí na mílte, agus ceannairí na gcéadta, a d'fhill ón bhfeachtas míleata sin.


Nuair a bhíonn deireadh ráite ag na scríobhaithe leis na daoine, ansin ceaptar ceannfoirt i gceannas ar an bpobal.


D'éirigh Iósua go moch ar maidin, chuir sé tionól ar an bpobal agus chuir sé féin agus seanóirí Iosrael chun siúil roimh an bpobal i gcoinne Háí.


“A fheara Bhiniáimin, éistigí liom,” arsa Sól lena oifigigh a bhí ina seasamh ina thimpeall; “an dtabharfaidh mac Ieise páirceanna agus fíonghoirt daoibh go léir, agus an ndéanfaidh sé ceannairí míle, agus ceannairí céad díbh go léir,


Ceapfaidh sé taoisigh míle, agus taoisigh leathchéad, agus cuirfidh sé cuid díobh a threabhadh a chuid gort agus a bhaint a fhómhair, a dhéanamh a threalamh cogaidh agus trealamh a charbad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí