Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 17:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Féach, anois féin tá sé imithe i bhfolach in uaimh éigin nó i mball éigin eile. Má thiteann cuid dár muintir sa chéad ionsaí, an té a chloisfidh sin déarfaidh sé go bhfuil ár déanta ar an muintir a leanann Aibseálóm.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Féuch, atá sé anois a bhfolach a bpoll éigin, nó a náit éigin oile: agus teigeomhuidh, a núair thuítfid cuid aca ar ttús, go naibeora gach a ccluinfidh é, Atá ár a measg na ndáoine a leanas Absolon.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 17:9
10 Tagairtí Cros  

Ansin titfidh an lug ar an lag fiú ag lucht an chroí mar leon. Tá a fhios ag Iosrael go léir gur gaiscíoch é d'athair agus gur laochra iad an dream atá ina theannta.


Lean Húisí air: “Tá a fhios agaibh gur gaiscígh iad d'athair agus a chuid fear agus go bhfuil fraoch feirge orthu faoi mar a bheadh ar bheithir fáin a sciobfaí a hál uaithi. Tá taithí ag d'athair ar chogaíocht, seachas sin; ní chaithfidh sé an oíche leis an arm.


An tobar ar theilg Ísmeáéil corpáin na ndaoine uile a mharaigh sé, ba thobar mór é a thochail Ásá an rí ar eagla Bháiseá rí Iosrael. Lion Ísmeáéil mac Natainiá é leis an drong a maraíodh.


Mharaigh muintir Háí timpeall seisear déag ar fhichid díobh; ruaigeadar iad ó gheata na cathrach chomh fada le Seabáraím agus phleancadar iad agus iad ag dul le fána. Thit an lug ar an lag ar an bpobal agus theip ar fad ar a misneach.


Rachaidh siadsan sa tóir orainn agus meallfaimid ón gcathair iad agus iad á rá: ‘Tá siad ag teitheadh uainn mar a rinneadar an uair dheireanach.’ Teithfimidne rompu, más ea,


D'imigh Dáiví leis ón áit sin agus chuaigh i bhfolach in uaimh Adulám. Chuala a dheartháireacha agus muintir a athar go léir é sin agus chuadar síos ansiúd chuige.


“Imígí anois agus déanaigí deimhin de níos mó fós; faighigí amach cá dtéann rian a chos agus coinnigí cuimhne air, mar deirtear liom go bhfuil sé lán de ghliceas.


Ansin roghnaigh Sól trí mhíle fear tofa as Iosrael go léir, agus thug sé leis iad chun Dáiví agus a lucht leanúna a lorg taobh thoir de Charraigeacha na nGabhar Fiáin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí