Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 17:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Tiocfaidh mé suas leis agus tuirse agus lagmhisneach air; cuirfidh mé scanradh air agus teithfidh an mhuintir go léir atá ina theannta. Ní dhéanfaidh mé ach an rí féin a threascairt,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus tiocfa mé air an feadh bhías sé curtha agus laglámhach, agus cuirfe mé eagla air: agus teithfid a bhfuil do dhaóinibh na fhochair; agus buailfidh mé an rígh amháin:

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 17:2
10 Tagairtí Cros  

Shroich an rí agus an mhuintir go léir a bhí in éineacht leis [an Iordáin] agus an-tuirse orthu, agus ligeadar a scíth ansiúd.


Dúirt Aichítifeil le hAibseálóm: “Lig dom dhá mhíle fear a thoghadh agus rachaidh mé sa tóir ar Dháiví anocht féin.


Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad (tríocha dó díobh): “Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.”


Agus deireadh ár naimhde: “Tiocfaimid aniar aduaidh orthu gan fhios gan radharc acu, ansin déanfaimid iad a threascairt agus deireadh a chur leis an ngnó seo.”


“Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,” a deir Tiarna na Slua. “Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.


Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’


Ansin dúirt Íosa leo: “Glacfaidh sibh uile scannal mar gheall ormsa anocht, óir tá scríofa: ‘Buailfidh mé an t‑aoire agus beidh caoirigh an tréada arna scaipeadh.’


ná ní thuigtear daoibh gur fearr aon duine amháin a fháil bháis ar son an phobail, ná an cine go léir a dhul ar ceal.”


Bhuail sé leat ar an mbealach agus tar éis duit gabháil thar bráid, d'ionsaigh sé sibh i leith an chúil agus rinne eirleach ar an muintir go léir a bhí ar deireadh: nuair a bhí tú lag tnáite ní raibh eagla Dé air.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí