Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 16:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Seo mar a bhí sé ag mallachtaigh: “Beir as, beir as, a fhir na fola, a chladhaire!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus marso a dubhairt Símei, a núair do mhalluigh sé, Tárr amach, tárr amach, a dhuine fhuiltigh, agus a dhuine do Bhélial:

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 16:7
16 Tagairtí Cros  

Cad ab áil leat ag maslú bhriathar an Tiarna, agus ag déanamh an ní is gráin leis? Threascair tú Úiríá an Hiteach leis an gclaíomh agus thóg tú a bhean chugat mar chéile agus chuir tú chun báis é le claíomh na nAmónach.


agus ag caitheamh cloch le Dáiví rí agus lena chuid oifigeach go léir, cé go raibh an t‑arm ar fad agus na gaiscígh uile thart timpeall ar an rí, ar dheis agus ar chlé.


Óir is eol do do shearbhónta gur pheacaigh sé; seo anseo mé dá réir sin inniu, ar an gcéad duine de theaghlach Iósaef ar fad ag teacht anuas agus ag bualadh le mo thiarna an rí.”


Tharla go raibh ropaire ansiúd darbh ainm Seaba mac Bhicrí, Biniáimineach; shéid sé an stoc agus dúirt: “Níl cuid againn i nDáiví, Níl oidhreacht againn i mac Ieise; téadh cách chun a bhotha, a Iosrael.”


Thuig an pobal agus thuig Iosrael go léir an lá sin nach raibh baint ag an rí le bás Aibnéar mac Néar.


Cuirigí cúpla scraiste os a choinne a dhéanfaidh é a chúiseamh mar seo: ‘Mhallaigh tú Dia agus an rí.’ Tugaigí amach ansin é agus maraigí le clocha é.”


Ansin tháinig an dá scraiste, shuigh siad os a chomhair agus rinne siad cúiseamh ina aghaidh os comhair an phobail á rá: “Chuir Nábót a mhallacht ar Dhia agus ar an rí.” Thug siad amach as an gcathair é agus mharaigh le clocha é.


A Thiarna, nach líonmhar iad mo naimhde! Tá mórán daoine ag éirí amach i m'éadan!


Ní sheasfaidh an scaothaire an fód os comhair do shúl.


Tabhair ar ais dom áthas do shlánaithe agus tabhair spiorad na díograise mar thaca dom.


Tabhair aire dom agus éist le mo ghuí, óir tá mé cloíte ag an mbuairt.


Táim ar crith de bharr gártha an namhad agus ansmacht na n‑urchóideach; óir tarraingíonn siad an t‑olc anuas orm; bíonn siad do mo chiapadh le neart a bhfeirge.


go bhfuil cladhairí áirithe de bhur gcuid féin, a ghabh amach agus a mheall lucht na cathrach á rá: ‘Téanam agus déanaimís seirbhís do dhéithe eile’ (nárbh eol daoibh),


Scraistí a ba ea clann mhac Éilí, gan aon aird acu ar an Tiarna


Déan do mhachnamh air sin anois agus féach cad is féidir leat a dhéanamh mar tá sé beartaithe drochíde a imirt ar ár maistir agus ar a theaghlach go léir, agus tá sé féin chomh ciotrúnta sin nach féidir d'aon duine focal a rá leis.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí