Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 15:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 mar nuair a bhí mé i nGisiúr in Arám, thug do shearbhónta an mhóid seo: ‘Má thugann an Tiarna ar ais go Iarúsailéim mé,’ arsa mise, ‘tabharfaidh mé ómós don Tiarna i Heabrón.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Oír thug do shearbhfhoghantuigh móid a nuáir do bhí mé am chomhnuigh a Ngésur a Síria, gha rádh, Má bheirionn an TIGHEARNA mé go dearbhtha a rís go Hierusalem, ann sin do dhéana mé serbhís don TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 15:8
14 Tagairtí Cros  

Chuir Ióáb chun bealaigh agus tháinig go Gisiúr agus thug Aibseálóm ar ais go Iarúsailéim.


D'fhreagair Aibseálóm á rá le Ióáb: “Féach, chuir mé scéala chugat: ‘Tar anseo chugam d'fhonn go gcuirfidh mé thú go dtí an rí leis an teachtaireacht seo: Cén fáth ar tháinig mé ar ais ó Ghisiúr? B'fhearr dom a bheith ann fós! Lig dom anois dul isteach i láthair an rí; má táim ciontach, cuireadh sé chun báis mé.’ ”


Dúirt an rí leis: “Imigh faoi shíocháin!” agus d'imigh sé leis agus tháinig go Heabrón.


a dhara mac Cileáb ó Aibíogáil bean Nábál ó Chairmeil; an tríú mac Aibseálóm mac Mhácá iníon Thalmaí rí Ghisiúr;


as Dia atá mo mhuinín gan eagla; cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom?


Is fearr duit gan móid a thabhairt ná í a thabhairt ach gan í a chomhlíonadh.


Deir sibh: “Tá conradh déanta againn leis an mBás, agus le Seól tá muid tagtha ar réiteach. Rabharta an aimhlis, nuair a thiocfaidh sé thart, ní shroichfidh sé fad linne; mar tá dídean faighte againn sa bhréag, agus sa chealg fuaireamar foscadh.”


Is ag ligean oraibh in bhur gcroí a bhí sibh nuair a chuir sibh mise chun an Tiarna bhur nDia, á rá: ‘Déan idirghuí ar ár son leis an Tiarna ár nDia; inis dúinn an uile ní a déarfaidh an Tiarna ár nDia, agus déanfaimidne é.’


Ach mura mian libh fónamh don Tiarna, déanaigí bhur rogha inniu idir na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn, agus déithe na nAmórach a gcónaíonn sibh ina ndúiche anois, le fónamh dóibh. Maidir liom féin agus le mo theaghlach, ámh, déanfaimid fónamh don Tiarna.”


Thug sí móid á rá: “A Thiarna na Slua! Má thugann tú aird ar bhuaireamh do bhanóglaigh agus cuimhneamh orm, agus gan dearmad a dhéanamh de do bhanóglach, agus leanbh mic a thabhairt do do bhanóglach, tabharfaidh mise é don Tiarna lena shaol uile, agus ní bhainfidh rásúr lena cheann.”


D'fhreagair Samúéil: “Conas is féidir dom imeacht? Má fhaigheann Sól gaoth an fhocail, maróidh sé mé!” Agus dúirt an Tiarna: “Tabhair bearach leat, agus abair: ‘Tháinig mé chun íobairt a dhéanamh don Tiarna.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí