Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 15:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Chuir Aibseálóm teachtairí ar fud treibheanna Iosrael go léir á rá: “A luaithe a chloisfidh sibh glór an trumpa, abraigí: ‘Tá Aibseálóm ina rí i Heabrón!’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 ¶ Ach do chuir Absolon luchd bratha ar feadh threabh Israel uile, dhá rádh, Ar ball a ccluinfidhe fuáim an stuic, annsin abruidh, Atá Absolon na rígh ann Hébron.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 15:10
16 Tagairtí Cros  

agus ansin thug sé ordú dá ghiollaí: “Cuirigí cluas oraibh féin! Nuair a bheidh Amnón súgach ón bhfíon, agus go ndéarfaidh mise: ‘Buailigí Amnón,’ maraígí ansin é. Ná bíodh eagla oraibh! Nár thug mé ordú daoibh? Bíodh misneach agaibh agus bígí calma!”


Dúirt sé lena ghiollaí dá bhrí sin: “Féach, tá gort Ióáb taobh le mo ghortsa, agus tá eorna aige ann. Imígí agus cuirigí trí thine é.” Chuir giollaí Aibseálóm gort Ióáb trí thine.


Dúirt an rí leis: “Imigh faoi shíocháin!” agus d'imigh sé leis agus tháinig go Heabrón.


Bhí cách i measc treibheanna Iosrael go léir ag aighneas: “D'fhuascail an rí sinn,” a deiridís, “ó chumhacht ar naimhde; shaor sé sinn ó lámha na bhFilistíneach; agus anois cuireadh an teitheadh air féin roimh Aibseálóm.


Chuaigh Dáiví ina dhiaidh sin i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé suas go ceann de chathracha Iúdá?” d'fhiafraigh sé. D'fhreagair an Tiarna é: “Téigh suas.” “Go cé acu a rachaidh mé?” d'fhiafraigh Dáiví. D'fhreagair sé: “Go Heabrón.”


Seacht mbliana agus sé mhí a bhí Dáiví i Heabrón ina rí ar Iúdá.


Bhí sé seacht mbliana agus sé mhí i Heabrón ina rí ar Iúdá, ansin bhí sé trí bliana agus tríocha i Iarúsailéim ina rí ar Iosrael agus Iúdá go léir.


Ansin dúirt Nátán le Baitseaba, máthair Sholaimh: “Nár chuala tú go ndearnadh rí d'Adoiníá mac Haigít gan fhios do Dháiví, ár dtiarna?


Déanfaidh Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ar Iosrael ansiúd. Ansin séidigí an stoc agus cuirigí gáir suas: ‘Fad saoil do Sholamh rí!’


Ansin ar an toirt thóg gach duine a bhrat agus leathadar faoi ar na leaca loma iad; shéid siad an trumpa agus chuir siad gáir suas: “Sé Iéahú an rí!”


Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna, agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael, de réir bhriathar an Tiarna trí bhéal Shamúéil.


Bhí cabhair fear ag teacht chun Dáiví in aghaidh an lae i dtreo gur tháinig fás faoina longfort go ndearnadh longfort ábhalmhór de.


Ón Olliordáin: céad agus a fiche míle fear de chlann Reúbaen, Gád, agus leaththreibh Mhanaise, le hairm chogaidh de gach sórt.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí