Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 13:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 Tháinig Aibseálóm chuig an rí agus dúirt: “Tá an mheitheal bhearrtha ag do shearbhónta; an mbeadh an rí agus a fheidhmeannaigh sásta teacht le do shearbhónta?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus tháinic Absolon chum an rígh, agus a dubhairt, Féuch anois, atáid béarrthóirigh cáorach ag do shearbhfhoghantuígh; tigeadh an rígh, guidhim thú, agus a sheirbhisigh led shearbhfhoghantuigh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 13:24
8 Tagairtí Cros  

Faoi chionn tamaill fhada, fuair Seúa bean Iúdá bás; agus nuair a bhí sólás a chaointe faighte ag Iúdá, chuaigh sé suas go Timneá go dtí lucht bearrtha na gcaorach agus a chara Híorá an tAdullámach lena chois.


Dhá bhliain ina dhiaidh sin, nuair a bhí a mheitheal bearrthóirí ag Aibseálóm ag Bál Házór atá láimh le hEafráim, thug Aibseálóm cuireadh do chlann mhac an rí go léir.


D'fhreagair an rí agus dúirt le hAibsealóm: “Ní dhéanfaimid, a mhic; níor chóir dúinn go léir teacht agus bheith inár n‑ualach ort.” Cé go raibh Aibseálóm ag tathant air, ní rachadh sé ach chuir a bheannacht leis.


Fóir orm, a Thiarna, óir níl fíréan le fáil, tá an fhírinne ar iarraidh i measc na hÁdhamhchlainne.


Síneann gach aon neach a lámh in aghaidh a chairde; briseann sé a chonradh.


Is clos dom go bhfuil an mheitheal bhearrtha agat. Bhí d'aoirí inár dteannta agus ní dhearnamar aon dochar dóibh agus níor chailleadar aon ní i rith an ama go léir a bhíodar i gCairmeil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí