Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 13:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Cá rachainn ag iompar m'aithise? Agus maidir leat féin, bheifeá i d'óinmid gan náire in Iosrael. Imigh leat, impím ort, agus labhair leis an rí; ní dhiúltóidh sé mé a thabhairt duit.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus misi, cáit a ccuirfinn mo mhíochlú? agus ar do shonsa, biáidh tú mar áon do na hamadánuibh a Nisrael. Anois, guidhim thú, labhair ris an rígh; oir ní chuinneochuidh sé misi uáit.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 13:13
4 Tagairtí Cros  

Féach, tá beirt iníon agam nár luigh le fear. Ligigí dom iad a thabhairt chugaibh amach agus déanaigí leo mar is mian libh. Ach maidir leis na fir seo, ná déanaigí aon ní leo, óir tháinig siadsan faoi dhíon mo thíse.”


Agus fairis sin is deirfiúr dom í go deimhin, iníon do m'athair, ach nach iníon do mo mháthair í; agus tugadh dom í mar chéile.


ansin tugaidís an bhean óg go doras theach a hathar, agus déanadh a comhchathróirí í a chur chun báis de chlocha mar go ndearna sí baois in Iosrael lena striapachas agus í faoi dhíon theach a hathar. Ní foláir daoibh an t‑olc seo a dhíbirt ó bhur measc ar an tslí sin.


Féach, seo maighdean iníne liom (agus a bhean luí), tabharfaidh mé amach chugaibh anois í. Déan bhur gcuid féin di agus déan mar is mian libh léi, ach ná déanaigí beart chomh náireach in aghaidh an fhir seo.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí