Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 12:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Rinne Dáiví achainí chun Dé ar son an linbh; rinne sé troscadh dian; chuaigh sé isteach abhaile agus chaith an oíche ar an talamh lom.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Uime sin do ghuidh Dáibhi Día fá an leanamh; agus do throisg Dáibhi, agus do chuáidh a steach, agus do luidh feadh na hoidhche ar an talamh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 12:16
17 Tagairtí Cros  

Ansin chuaigh Nátán abhaile. Leag an Tiarna a lámh ar an leanbh a rug bean chéile Úiríá do Dháiví agus tháinig tinneas trom air.


“Fad a mhair an leanbh,” d'fhreagair sé, “rinne mé troscadh agus caoineadh mar go raibh mé á rá liom féin: ‘Cá bhfios nach mbeadh trua ag an Tiarna dom agus go mairfeadh mo leanbh.’


D'éirigh an rí, stróic a chuid éadaigh, agus luigh ar an talamh. Stróic a raibh dá fheidhmeannaigh ag freastal air a gcuid éadaigh chomh maith.


Nuair a chuala Acháb na focail sin, stróic sé a chuid éadaigh agus chuir sacéadach lena chneas agus rinne sé troscadh; chodlaíodh sé sa sacéadach agus shiúladh sé de choiscéim mhall.


Nuair a chuala mé na focail sin, shuigh mé síos agus bhris mo ghol orm, agus chaoin mé lá i ndiaidh an lae agus mé ar troscadh agus ag guí i láthair Dhia neimhe.


Glaoigh orm ansin in am na hanacra; saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”


Tá mé ar lasadh le dúthracht do do theach; is orm a thit aithisí lucht do cháinte.


Bhí an Tiarna Dia na Slua ag glaoch oraibh an lá sin chun caoineadh a dhéanamh agus mairgneach, chun sibh féin a bhearradh agus éadach róin a chur oraibh.


A Thiarna, san anbhroid dúinn tá muid do do lorg; anacair agus ansmacht, ba iad siúd do phionós orainn.


Cá bhfios ná go ndéanfadh Dia athchomhairle agus go dtiocfadh aithreachas air agus go n‑imeodh an fhearg de agus nach gcaillfí sinne?”


Agus bhí sé ar feadh trí lá gan radharc agus gan greim ná bolgam a bhlas.


Stoll Iósua a chuid éadaigh agus chaith é féin ar a bhéal agus ar a fhiacla os comhair áirc an Tiarna go tráthnóna; rinne seanóirí Iosrael mar an gcéanna agus chaitheadar uile luaithreach ar a gceann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí