Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 11:27 - An Bíobla Naofa 1981

27 Nuair a bhí an caoineadh thart chuir Dáiví fios uirthi chun í a thabhairt chun a thí; bhí sí mar bhean aige, agus rug mac dó. Ach níor thaitin a raibh déanta ag Dáiví leis an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Agus a nuair do scuir aimsir a cumha, do chuir Dáibhi fios uirre chum a thighe, agus do bhí na mnaói aige, agus rug sí mac dhó. Ach do mhíothaitín an ní do rinne Dáibhi ris an TTIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 11:27
16 Tagairtí Cros  

Agus ba fhuath leis an Tiarna a ndearna Ónán agus mharaigh sé eisean mar an gcéanna.


Cad ab áil leat ag maslú bhriathar an Tiarna, agus ag déanamh an ní is gráin leis? Threascair tú Úiríá an Hiteach leis an gclaíomh agus thóg tú a bhean chugat mar chéile agus chuir tú chun báis é le claíomh na nAmónach.


Ach má deir sé: ‘Ní gean liom thú,’ seo mé agus déanadh sé liom mar is rogha leis.”


Nuair a chuala Acháb go raibh Nábót marbh, d'éirigh sé le dul síos chuig fíonghort Nábot ó Izréil le seilbh a ghlacadh air.


Dúirt Acháb le hÉilias: “Tá beirthe amuigh agat orm mar sin, a namhaid.” D'fhreagair Éilias: “Sea, tá beirthe agam ort, toisc gur reic tú thú féin, leis an olc i súile an Tiarna a dhéanamh.


Ach bhí Dia míshásta leis an iompar seo agus bhuail sé Iosrael.


Ní sheasfaidh an scaothaire an fód os comhair do shúl.


Mar sin a bhíonn ag an té a luíonn le bean a chomharsan; ní rachaidh aon duine a bhainfidh léi slán gan phionós.


Is mairg dóibh siúd a théann i bhfolach go domhain d'fhonn a seifteanna a cheilt ar an Tiarna, ag beartú a gcealga sa dorchadas agus á rá: “Cé fheiceann sinn ná cé aithníonn sinn?”


nuair a thugtar cambhreith ar dhuine i gcúis dlí, an amhlaidh nach bhfeiceann an Tiarna é?


ghin Iseái Dáiví rí. Ghin Dáiví Solamh ó bhean Úirías;


ansin tugadh an fear a luigh léi leathchéad seicil airgid d'athair na mná óige agus bíodh sí mar bhean aige mar gur thruailligh sé í agus ní féidir dó í a chur uaidh lena shaol.


Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh agus ná truaillítear é. Óir tabharfaidh Dia daorbhreith ar lucht na drúise agus an adhaltranais.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí