Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 10:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Nuair a insíodh an scéal do Dháiví, chuir sé teachtaire ina gcoinne, mar go raibh náire shaolta ar na fir. “Fanaigí in Ireachó,” arsan rí, “go bhfása bhur bhféasóg aris, agus tagaigí ar ais ansin.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 A núair do innisiodar sin do Dháibhi, do chuir sé aírrcís orra, do chionn go raibh náire mhor ar na daoinibh: agus a dubhairt an righ riú, Fanuidh ann Iericho nó go bhfásuidh bhur bhféasóga, annsin filligh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 10:5
6 Tagairtí Cros  

Ghabh Hánún seirbhísigh Dháiví dá bhrí sin, bhearr an fhéasóg de gach duine díobh, ghearr a gcuid éadaigh díobh leath slí suas chun a más, agus chuir chun siúil iad.


Nuair a chonaic na hAmónaigh go raibh an ghráin tagtha ar Dháiví leo, chuireadar teachtairí le hAramaeigh Bhéit Rachob agus Aramaeigh Zóbá, fiche míle troitheach, a fhostú; agus rí Mhácá le míle fear, agus muintir Thób, dhá mhíle dhéag fear.


Is lena linn a d'atóg Híéil ó Bhéitéil Ireachó. Dhíol sé a chéadghin, Aibíorám, mar cháin ag leagan a mháithreacha, agus Sagúb, an mac ab óige leis, ag tógáil a gheataí, faoi mar a thairngir an Tiarna trí Iósua mac Nún.


agus d'imigh siad leo. Nuair a insíodh do Dháiví faoinar tharla do na fir, chuir sé teachtaire ina gcoinne, mar go raibh náire shaolta ar na fir: “Fanaigí i Ireachó,” arsan rí, “go bhfása bhur bhféasóg arís agus tagaigí ar ais ansin.”


Bhí Ireachó daingnithe le barr cúraim in aghaidh chlann Iosrael; níor ghabh aon duine amach, níor ghabh aon duine isteach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí