Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 10:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Chuir Hadad Eizir teachtairí go dtí na hAramaeigh a bhí taobh thall den Abhainn agus bhailigh chuige iad. Thángadar go Haelám agus Seobác ceann feadhna arm Hadad Eizir a dtreorú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus do chuir Hadareser teachda uadha, agus thug amach na Sírianuigh noch do bhí táobh thall don nabhuinn: agus tangadar go Helam; agus Sobach Caiptín slóigh Hadareser rompa.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 10:16
7 Tagairtí Cros  

Ar fheiceáil do na hAramaeigh gur bhris Iosrael orthu, chruinníodar go léir le chéile.


Nuair a d'insíodar é sin do Dháiví, chruinnigh sé Iosrael go léir le chéile, agus ghabh thar an Iordáin agus tháinig go Haelám. Chuir na hAramaeigh cóiriú catha orthu féin in aghaidh Dháiví agus chuaigh i ngleic leis.


D'ardaigh Dia namhaid eile dó, Razón mac Eiliádá. Theith seisean óna mháistir Hadad Eizir rí Zóbá.


Chloígh Dáiví Hadad Eizir rí Zóbá agus é ar an mbealach chun a chumhacht a leathnú thar abhainn an Eofrataes.


Tháinig Aramaeigh ón Damaisc i gcabhair ar Hadad Eizir rí Zóbá ach mharaigh Dáiví dhá mhíle agus fiche de na hAramaeigh.


Nuair a chonaic na hAramaeigh gur bhris Iosrael orthu, chuireadar teachtairí uathu agus thionóladar na hAramaeigh ó lastall den abhainn, le Seofac, ceann feadhna arm Hadad Eizir, á dtreorú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí