Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 24:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Lena linn rinne Nabúcadnazar rí na Bablóine ionradh, agus bhí Iahóiácaím ag tabhairt ómóis dó ar feadh trí bliana, ach ansin d'iompaigh sé uaidh agus rinne ceannairc ina aghaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Iona láethibhsion tháinic Nebuchadnessar rígh na Babiloine súas, agus iar mbeith do Iehoiacim na shearbhfhoghantuigh dhó ar feadh thrí mbliadhan: annsin do iompóigh sé agus do chuáidh a ccogadh na aghaidh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 24:1
19 Tagairtí Cros  

Ansin rinne rí na hAsaíre ionradh ar an tír ar fad; tháinig sé chuig an tSamáir agus chuir sé léigear uirthi ar feadh trí bliana.


Tharla sin in Iarúsailéim agus in Iúdá de bharr fhearg an Tiarna i dtreo gur chaith sé i leataobh óna láthair iad ar deireadh. Rinne Zidicíá ceannairc in aghaidh rí na Bablóine.


Thóg muintir na tuaithe Iahóácház mac Ióisíá agus rinne siad rí de in Iarúsailéim i gcomharbacht ar a athair.


gur chóir faisnéis a thabhairt don rí go bhfuil na Giúdaigh a tháinig aníos ó do thírse go Iarúsailéim ag tógáil na cathrach ceannairce agus urchóide úd, agus ar a ndícheall ag cóiriú na mballaí agus go bhfuil na clocha boinn deisithe cheana féin;


An dóigh leat gur fiú focail bhaotha comhairle agus laochas chun cogaidh? Cé air a bhfuil tú ag brath anois gur éirigh tú amach i m'éadan?


An briathar a tháinig go Irimia i dtaobh phobal Iúdá uile sa cheathrú bliain de Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá (b'í sin an chéad bhliain de réimeas Nabúcadnazar rí na Bablóine).


cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.


An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna i laethanta Iahóiácaím mhic Ióisíá, rí Iúdá:


Ach tharla, nuair a d'ionsaigh Nabúcadnazar rí na Bablóine an tír seo, go ndúramar: Tagaigí! téimis suas go Iarúsailéim ar eagla slua na gCaildéach agus slua Árám.’ Is mar sin a chuireamar fúinn in Iarúsailéim.”


Tharla sa cheathrú bliain de Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, go dtáinig an briathar seo go Irimia ón Tiarna:


An focal a labhair Irimia fáidh le Barúch mac Néiria nuair a scríobh seisean na briathra seo i leabhar ó bhéal Irimia sa cheathrú bliain de réimeas Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá.


Ar an Éigipt: In éadan slua Fhorainn Neaco, rí na hÉigipte, a bhí láimh le habhainn Eofrataes i gCairceimis nuair a bhris Nabúcadnazar rí na Bablóine orthu sa cheathrú bliain de réimeas Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá.


Ba chaora seachráin é Iosrael, agus na leoin sa tóir air. “Ar dtús, d'alp rí na Síre é; ansin chreim Nabúcadnazar rí na Bablóine a chnámha.


Ghluais na ciníocha ansin ina choinne ó na cúigí máguaird; leathnaigh siad a n‑eangach thairis; gabhadh ina bpoll é.


“A mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia. Abair: An claíomh! An claíomh! Tá faobhar agus snas ar an gclaíomh.


Óir, féach, tá na Caildéigh á múscailt agam, an cine fíochmhar fraochmhar úd, a ghluaiseann thar chlár na talún chun seilbh a ghabháil ar áiteanna nach leo féin iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí