Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 20:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 ‘Déanfar cuid de do chlann mhac a rugadh duit a bhreith chun siúil agus a roghnú le bheith ina gcoillteáin i bpálás rí na Bablóine.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus dot mhacaibh thiucfas uáit, noch gheinfeas tusa, béuruid sion leó; agus béid na ccaillteanachuibh a bpálas rígh na Babilóine.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 20:18
7 Tagairtí Cros  

Ansin ghéill Iahóiácaín rí Iúdá do rí na Bablóine, é féin, a mháthair, a oifigigh, a uaisle agus a choillteáin, agus chuir rí na Bablóine i mbraighdeanas iad. Ba é sin an t‑ochtú bliain de réimeas Nabúcadnazar.


Dhíbir sé Iahóiácaín chun na Bablóine, mar aon le máthair an rí, mná an rí, a choillteáin agus uaisle na tíre; thug sé iad go léir leis ó Iarúsailéim ar deoraíocht chun na Bablóine.


Ghabh na Caildéigh an rí agus thug siad os comhair rí na Bablóine i Ribleá é, agus thug seisean breith air.


Chuir an Tiarna taoisigh airm rí na hAsaíre ina gcoinne agus ghabh siad Manaise le duáin, agus chuir geimhle cré-umha air agus thug siad leo go dtí an Bhablóin é.


Tabharfaidh mé fós maoin uile na cathrach seo, a huile shaothar, gach uile ní mórluaigh agus stór uile ríthe Iúdá i láimh a naimhde a chreachfaidh agus a thógfaidh iad agus a bhéarfaidh leo don Bhablóin iad.


Bí ag lúbarnaíl agus ag cneadach, a iníon Shíón, mar bhean ina leaba luí seoil. Óir beidh ort imeacht as an gcathair anois agus cur fút faoin tuath. Rachaidh tú go dtí an Bhablóin ach slánófar ann thú. Mar is ann a fhuasclóidh an Tiarna thú ó lámha do naimhde.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí