Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 17:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Tharla sin de bhrí gur pheacaigh clann Iosrael in aghaidh an Tiarna a nDia, a thug slán amach iad as críocha na hÉigipte, ó smacht Fhorainn, rí na hÉigipte. Thug siad adhradh do dhéithe eile,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Oír is amhluidh bhí, gur pheacuigheadar clann Israel a naghaidh a TTIGHEARNA Día, noch thug a níos íad as crích na Hégipte, ó bheith fáoi láimh Phárao rígh na Hégipte, agus go raibh eagla deé oile orra,

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 17:7
27 Tagairtí Cros  

Nuair a chuaigh Solamh anonn in aois, chlaon a mhná céile a chroí i dtreo déithe eile, agus ní raibh a chroí go hiomlán ag an Tiarna, a Dhia, mar bhí croí a athar, Dáiví.


Lean sé sampla peacúil a athar roimhe i ngach ní. Ní raibh a chroí dílis ar fad don Tiarna faoi mar a bhí croí Dháiví a shinsear.


Bhí Áchaz fiche bliain d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus mhair a réimeas ar feadh sé bliana déag i Iarúsailéim. Ní dhearna sé an ceart i bhfianaise an Tiarna a Dhia dála Dháiví a athair.


Rinne an Tiarna conradh leo agus thug an t‑ordú seo dóibh: “Ná tugaigí ómós do dhéithe coigríocha, ná cromaigí síos rompu, ná déanaigí seirbhís ná íobairt dóibh.


Ach chiontaíodar in aghaidh Dhia a sinsear, agus rinneadar striapachas le déithe ciníocha na tíre a scrios Dia rompu.


Bhí Iachóiácaím cúig bliana agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim i Iarúsailéim. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna a Dhia.


Ach bhíodar easumhal duit agus rinne siad ceannairc i d'aghaidh; Thug siad droim leis an dlí; Mharaigh siad d'fháithe a thugadh rabhadh dóibh, Le hiad a iompú ar ais ortsa, (Agus thug siad diamhaslaí móra).


Rinne sé míorúiltí i bhfianaise a sinsear i dtír na hÉigipte, ar mhachaire Zoan.


“Mise an Tiarna do Dhia a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse.


Sibhse a dhéanann drúis faoi na crainn teiribinte, faoi gach crann glas ag íobairt páistí sna haltáin sléibhe, i scealpacha na gcarraig!


Is taibhsí préachán iad i ngarraí mealbhacán, agus balbh dá réir; is éigean a n‑iompar, ó tharla gan siúl acu. Ná bígí eaglach rompu: ní thig leo olc a dhéanamh ná fós, an mhaith!”


D'imir mé leo de réir mar bhí tuillte acu mar gheall ar a bpeacaí gránna agus a gcionta agus d'iompaigh mé m'aghaidh uathu.


Ach le cuidiú fáidh thug an Tiarna Iosrael aníos ón Éigipt, agus ba le cuidiú fáidh a caomhnaíodh é.


Iarrann siad comhairle ar a smut adhmaid, agus is é an cuaille acu a thugann faisnéis dóibh; go deimhin, is dúil sa striapachas a chuireann ar seachrán iad, agus is de dheasca striapachais a d'éirigh siad as bheith faoina nDia féin.


Ar mhullaí na sléibhte ofrálann siad íobairtí, agus dónn siad túis ar na beanna faoin dair agus faoin stóracs agus faoin teiribint, mar gur taitneamhach a scáth. Is dá dheasca sin a théann bhur n‑iníonacha le striapachas, agus a dhéanann mná céile bhur mac adhaltranas.


Óir is maith is eol dom go ndéanfaidh sibh coirpeacht tar éis mo bháis, agus go gclaonfaidh sibh den bhealach a d'aithin mé daoibh; agus go dtiocfaidh an urchóid sa mhullach oraibh sna laethanta le teacht mar go ndearna sibh an t‑olc i láthair an Tiarna, á ghríogadh chun feirge le bhur mí-iompar.”


Má bhriseann sibh an conradh a d'éiligh an Tiarna bhur nDia oraibh, agus dul agus fónamh do dhéithe eile agus sléachtadh dóibh, ansin déanfar fearg an Tiarna a adhaint in bhur gcoinne, agus scriosfar sibh go tapa de dhroim na tíre fónta a thug sé daoibh.”


Agus dúirt mé libh: “Mise an Tiarna bhur nDia; ná tugaigí ómós do dhéithe na nAmórach, a bhfuil sibh ag cur fúibh ina gcríocha.” Ach níor thug sibh aird ar mo ghlór.” ’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí