Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 17:34 - An Bíobla Naofa 1981

34 Leanann siad na seanghnásanna fós inniu. Níor thug siad urraim don Tiarna, ná níor lean siad a reachtanna ná a ghnásanna, ná an dlí ná na haitheanta a leag an Tiarna ar shliocht Iacóib dár thug sé an t‑ainm Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Gus an lá a niugh do níd reír an tseannóis: ní eaglaid an TIGHEARNA, ní mó do níd do reir a reachda, nó do reír a nórduightheadh, nó do reír an dlighe agus na haithne noch daithin an TIGHEARNA do chloinn Iácob, dar ghior sé Israel dainm;

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 17:34
14 Tagairtí Cros  

“Ní Iacób a bheidh ort feasta,” ar sé, “ach Iosrael, óir mar a bhí tú tréan in aghaidh Dé, beidh an lámh láidir agat ar dhaoine.”


Chuir Iacób ceist air ansin: “Inis dom, le do thoil, cad is ainm duit.” Ach dúirt seisean: “Cén fáth m'ainm a fhiafraí díom?” Agus thug sé a bheannacht dó ansin.


Thóg sé altóir ansiúd ar ar thug sé “Éil, Dia Iosrael”.


Dúirt Dia leis: “Iacób is ainm duit; ní thabharfar Iacób mar ainm ort feasta, ach beidh Iosrael mar ainm ort.” Thugadar Iosrael mar ainm air dá réir sin.


Dúirt sé le Iarobám: “Beir leat deich stiall faoi do choinne féin, óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia Iosrael: ‘Táim ag dul a stróiceadh na ríochta ó lámha Sholaimh agus tabharfaidh mé deich dtreibh duitse.


Agus anois deir tú liom: ‘Imigh leat agus abair le do mháistir: Tá Éilias anseo!’


Ghlac Éilias dhá chloch déag, ag freagairt d'uimhir na dtreibheanna de chlann mhac Iacóib ar tháinig briathar úd an Tiarna chucu: “Iosrael a ghairfear díbh!”


Nuair a chuir siad fúthu ar dtús ann, níor thug siad ómós don Tiarna, agus dá bhrí sin sheol an Tiarna leoin ina measc agus mharaigh siadsan cuid acu.


Thug siad ómós don Tiarna, agus rinne siad fónamh dá ndéithe féin san am céanna de réir nósanna na dtíortha as ar ionnarbadh iad.


Ach níor thugadar cluas dó, ach a seanghnásanna a leanúint.


Éistfidh sé liom agus cloífidh iad; (tá sé ann ón tsíoraíocht), óir ní théann siad i bhfeabhas ar aon chor, ná ní eagal leo Dia. Selah


An té a shiúlann ar chosán na fíréantachta, bíonn eagla an Tiarna air; ach an té ar claon iad a bhealaí, is beag é a mheas air.


Éistigí leis seo, a theaghlach Iacóib, ar a dtugtar ainm Iosrael agus a tháinig ó fhréamh Iúdá; sibhse a mhionnaíonn dar ainm an Tiarna agus a tharraingíonn anuas Dia Iosrael gan dea-rún gan fíréantacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí