2 Ríthe 17:26 - An Bíobla Naofa 198126 Duradh ansin le rí na hAsaíre: “Na ciníocha a thug tú leat agus a chuir tú chun cónaí i gcathracha na Samáire, ní eol dóibh dlí Dhia na tíre, agus sheol seisean leoin ina gcoinne agus tá siadsan á marú mar nach eol dóibh dlí Dhia na tíre.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)26 Uime sin do labhradar re rígh na Hassíria, ghá rádh, Na cineadhacha do atharruigh tú, agus do shuighidh tú a ccaithreachaibh Shamária, ní feas dóibh modh Dé na tíre: uime sin do chuir sé leomhuin na measc, agus, feuch, atáid agá marbhadh, do bhrígh nach bhfuil fios mhodha Dé na tire aca. Féach an chaibidil |