2 Ríthe 17:11 - An Bíobla Naofa 198111 D'ofrálaidís íobairtí túise (ar na hardionaid go léir) mar a dhéanadh na ciníocha go léir a dhíbir an Tiarna rompu. Rinneadar gníomhartha coiriúla agus ghriogadar an Tiarna chun feirge. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)11 Agus annsin do loisgedís túis annsna háitibh árda uile, mar níodh na geintidh do dhíbir an TIGHEARNA rompa; agus do oibrigheadar droichueithe do bhrostughadh an TIGHEARNA chum feirge: Féach an chaibidil |
ach leanúint orainn ag déanamh gach ar gheallamar: ag loscadh túise do Bhanríon Neimhe agus ag doirteadh íobairtí dí di, faoi mar a dhéanaimis, sinn féin agus ár n‑aithreacha, ár ríthe agus ár dtaoisigh, i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim: bhí fairsinge bia againn san am sin, bhíomar go maith as, ní fhacamar aon olc.
Mar chaora fíniúna san fhásach, is ea a tháinig mé ar Iosrael; mar chéadtoradh an chrainn fígí (i dtús an tséasúir), is ea a leag mé súil ar bhur sinsear. Ach chomh luath agus a shroich siad Bál Peór, choisric siad iad féin don Náire, agus níor lú an t‑ábhar déistine dom iad ná na nithe dár thug siad gean.