Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 9:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Gabh siad trí ardáin Eafráim, agus trí chríoch Sháilíseá, ach ní bhfuair siad na hasail. Ghabh siad trí chríoch Sheáilím, ach ní raibh siad ann. Ghabh siad trí chríoch Bhiniáimin, ach ní bhfuair siad iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus do ghluáis seision thrídh shlíabh Ephraim, agus do chuáidh tré chrích Shalisa, acht ní bhfúaradar íad: annsin do chuáidh sé tré dhúithche Hálim, achd ní rabhadar annsin: agus do chúadar tré dhúithche na Mbeniamiteach, achd ní bhfúaradar íad.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 9:4
9 Tagairtí Cros  

Tháinig Iacób slán folláin go cathair Sheicim i dtír Chanán ar theacht dó as Padan Arám, agus shuigh sé a champa os comhair na cathrach.


Tháinig fear ó Bhál Seáiliseá agus thug leis chun giolla Dé arán a rinneadh de na céadtorthaí, fiche builín eorna agus arbhar úr [sa dias]. “Tabhair don phobal é le hithe,” arsa Eilíseá.


Bhí Eoin ag baisteadh comh maith in Aenón in aice le Sailím mar bhí fliúirse uisce ann; agus thagadh na daoine ann agus bhaistí iad.


Sealaibín, Aiálón, Itleá,


Ansin d'éag Eileázár mac Árón agus adhlacadh é i nGibeá, cathair a mhic, Píneachás, cathair a tugadh dó in ardáin Eafráim.


In ardáin Eafráim bhí fear darbh ainm Míceáhú.


San am sin nuair nach raibh aon rí in Iosrael, bhí Léivíteach ag cur faoi in áit iargúlta in ardáin Eafráim. Ghlac sé bean luí chuige as Beithil in Iúdá.


Bhí fear áirithe ann ó Rámátaím Zóifím i sléibhte Eafráim. Sé ainm a bhí air Ealcáná mac Iarohám mhic Eilíhiú mhic Thochú mhic Zúf, Eafráimeach.


Chuaigh asail Chís, athair Shóil, ar strae, agus dúirt Cís lena mhac Sól: “A mhic, tabhair leat duine de na seirbhísigh, agus cuir chun bóthair; imigh leat a chuardach na n‑asal.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí