Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 7:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Ansin thóg Samúéil cloch agus chuir ina seasamh í idir Mizpeá agus Iseana, agus thug sé Eibin Eizir (“Cloch na Cabhrach”) uirthi á rá: “Thug an Tiarna cabhair dúinn chomh fada leis seo!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Ann sin do thóg Samuel cloch, agus do shuighidh í eidir Mhispeh agus Shen, agus do ghoir Eben‐eser dainm dhi, gha rádh, Go nuige so do chuidigh an TIGHEARNA sinn.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 7:12
18 Tagairtí Cros  

Thug Abrahám “Soláthar ón Tiarna” ar an láthair sin, agus uime sin an seanfhocal atá againn inniu féin: “Déanann an Tiarna soláthar ar an sliabh.”


Chuir Iacób gallán cuimhneacháin ina sheasamh san áit inar labhair sé leis, gallán cloiche. Thoirbhir sé deoch ofrála air agus dhoirt sé ola air.


Thug tú teagasc dom ó m'óige, a Dhia, agus bhíos ag fógairt do mhóréachtaí go dtí seo.


Is ort atá mo sheasamh ó rugadh mé, ó bhroinn mo mháthar ba thú mo dhídean; ionat a bhíodh mo dhóchas i gcónaí.


Ansin thóg Maois altóir agus thug sé An Tiarna Mo Bhratach uirthi, mar go ndúirt sé: 16 “Beirigí greim ar bhratach an Tiarna óir tá an Tiarna i gcogadh le hAmailéic ó ghlúin go glúin.”


Sa lá sin, beidh altóir in onóir don Tiarna i lár thír na hÉigipte agus gallán coisricthe dó in aice na teorann.


Ach le cabhair ó Dhia táim ag seasamh an fhóid go dtí an lá inniu, ag tabhairt faisnéise do bheag agus do mhór ach gan aon ní á rá agam thar an méid a dúirt na fáithe agus Maois a bhí le titim amach:


Eisean a thug saor ó bhéala an bháis sinn agus is é a thabharfaidh saor sinn feasta. Is air sin atá ár seasamh go dtabharfaidh sé slán sinn amach anseo


Ansin chuir Iósua dhá chloch déag ina seasamh i leaba na Iordáine, mar ar luigh cosa na sagart a d'iompar an áirc; tá siad ansiúd go dtí an lá atá inniu ann.


Thóg Sól altóir don Tiarna; ba í sin an chéad altóir a thóg sé don Tiarna.


Agus ghabh briathar Shamúéil amach go hIosrael go léir. [Ach bhí Éilí an-aosta, agus lean a chlann mhac orthu lena gcoirpeacht in aghaidh an Tiarna.] [Tharla gur thionóil na Filistínigh an uair sin chun troid in aghaidh Iosrael] agus chuaigh Iosrael amach chun catha in aghaidh na bhFilistíneach agus shuíodar a gcampa láimh le hEibin Eizir, agus a gcampa ag na Filistínigh ag Afaec.


Nuair a ghabh na Filistínigh áirc Dé, thugadar leo í ó Eibin Eizir go hAisdeod.


Chuaigh muintir Iosrael amach ó Mhizpeá sa tóir ar na Filistínigh agus bhíodar á n‑eirleach chomh fada le Béit Cár.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí