Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 6:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 D'fhiafraíodar ansin: “Cén ofráil chiontachta ar chóir dúinn a íoc leis?” D'fhreagair siad: “Dé réir líon flatha na bhFilistíneach, cúig neascóid óir agus cúig luch óir mar bhí an t‑aon phlá oraibh idir fhlatha agus uile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 An sin a dubhradarsan, Cred é an nofráil sháruigh noch fhillfiom chuige? Do fhreagradarsan, Cúig emeróid óir, agus cúig lucha óir, do réir uibhre thighearnadh na Bhphilistineach: do bhrígh gurob aonphláigh do bhí oruibh uile, agus ar bhur ttighearnuidhibh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 6:4
10 Tagairtí Cros  

Bhí rud déanta ag clann Iosrael ar Mhaois chomh maith, mar d'iarradar seoda airgid agus óir agus éadaí ar na hÉigiptigh.


Áirítear mar fhearann Canánach ó Shíochór atá lastoir den Éigipt ó tfhuaidh go teorainn Eacrón: (tá cúigear taoiseach ar na Filistínigh, taoiseach ag Gazá, ag Aisdeod, ag Aiscileon, ag Gat, agus ag Eacrón. Tá na Havaím


Ansin tháinig spiorad an Tiarna air go tréan agus chuaigh sé síos go hAiscileon agus mharaigh deichniúr is fiche de mhuintir an bhaile, thug leis a gcreach, agus thug a n‑éidí aonaigh dóibh siúd a réitigh an tomhas. D'fhill sé ar a athair ansin agus cuthach feirge air.


cúigear, taoiseach na bhFilistíneach, na Canánaigh go léir, na Síodónaigh, na Hitigh a bhí ag cur fúthu ar Shliabh na Liobáine, ó ardáin Bhál Hearmón go Bealach Hamát.


An mhuintir nach bhfuair bás, bhris neascóidí amach orthu agus bhí an liú ón gcathair ag dul suas chun neimhe.


Luigh lámh an Tiarna go trom ar phobal Aisdeod agus chuir scéin orthu le neascóidí ar fud Aisdeod agus a chríocha.


Ach nuair a bhí sí tugtha ansiúd, luigh lámh an Tiarna go trom ar an gcathair sin agus tháinig scéin agus sceimhle ar na daoine; bhuail neascóidí muintir na cathrach, idir óg agus aosta, mar go raibh an Tiarna á gciapadh mar sin.


Ní foláir daoibh dá réir sin dealbha a dheanamh de bhur neascóidí agus dealbha de na lucha atá ag creimeadh bhur dtíre, agus glóir a thabhairt do Dhia Iosrael. Ansin b'fhéidir go mbogfaidh sé a lámh díbh féin, de bhur ndéithe, agus de bhur dtír.


Ansin tógaigí áirc an Tiarna, leagaigí ar an gcarr í, agus cuirigí na dealbha óir atá á n‑íoc agaibh dó mar ofráil chiontachta i gcófra lena hais. Ansin scaoiligí léi agus ligigí di imeacht léi.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí