Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 5:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Ach nuair a d'éiríodar go moch lá arna mhárach, ba shiúd é Dágón béal faoi arís ar an urlár os comhair áirc an Tiarna, agus ceann Dhágón agus a dhá láimh briste de agus caite ar an tairseach; ní raibh fágtha de ach cabhail Dhágón.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus a nuáir do éirgheadar go moch ar maidin ar na mhárach, féach, do bhí Dágon ar ttuitim ar a aghaidh fan talumh a bhfiadhnuisi aírce an TIGHEARNA; agus ceann Dhágon agus a dhá bhais ar na ngearradh dhe ar an táirsigh; amháin gur fágbhadh ceapán Dágon aige.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 5:4
11 Tagairtí Cros  

Is amhlaidh sin a dhéantar leorghníomh in urchóid Iacóib agus seo é an luach a ghlanfaidh a pheaca: go gcaitheann sé le clocha na n‑altóirí go léir mar a chaithfeadh leis an chloch aoil a mheiltear. Cuaillí beannaithe ná galláin na gréine ní fhágfar ina seasamh


Lorgann snoíodóir cliste adhmad crann pailme dó, adhmad nach lobhann, chun dealbh théagartha a chur suas.


(Inis é seo dóibh: “Na déithe nach ndearna na spéartha ná an talamh, imeoidh siad ón talamh agus ó faoi na spéartha.”)


Ar an uair sin tagann ionadh agus alltacht ar gach aon duine, deargann gach órcheard mar gheall ar íol a lámh, óir is bréaga a chuid íol gan puth anála iontu.


Is náideanna iad, is díol gáire; nuair a thiocfaidh am a gcuarta, rachaidh siad as.


“Foilsígí i measc na náisiún é, fógraígí é: ná ceiligí é, abraigí: ‘Tá an Bhablóin gafa, tá Béil náirithe, tá Marodac ina smionagar. (Tá a híola náirithe, a dealbha gránna ina smidiríní.)’


Brisfear a dealbha uile; dófar a cuid ofrálacha go léir sa tine; déanfaidh mé smidiríní dá híola uile. Óir is le tuarastal striapachais a cruinníodh iad agus déanfar tuarastal striapachais díobh arís.


Ní foláir daoibh dá réir sin dealbha a dheanamh de bhur neascóidí agus dealbha de na lucha atá ag creimeadh bhur dtíre, agus glóir a thabhairt do Dhia Iosrael. Ansin b'fhéidir go mbogfaidh sé a lámh díbh féin, de bhur ndéithe, agus de bhur dtír.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí