Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 4:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Ach bíodh misneach agaibh, a Fhilistíneacha, agus bígí fearúil, ar eagla go mbeadh sibh in bhur ndaoir ag na hEabhraigh, faoi mar a bhí siadsan agaibhse! Bíodh sponc ionaibh agus troidigí.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Bíthi láidir, agus déanuidh go fearamhuil, O a Philistinigh, chor nach béithí bhur serbhíseachuibh do na Heabhradhuibh, mar do bhádarsan díbhse: déanuidh go fearamhuil, agus troidigh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 4:9
10 Tagairtí Cros  

Bíodh misneach agat agus seas an fód ar son ár bpobail agus cathracha ár nDé. Go ndéana an Tiarna mar is rogha leis.”


Tiocfaidh na ciníocha faoina gcoinne agus déanfaidh siad iad a thionlacan ar ais ionsar a n‑áit dúchais, agus fostóidh teaghlach Iosrael iad mar sclábhaithe agus searbhóntaí dóibh féin ar thalamh an Tiarna. Tógfaidh siad mar bhraighdeanaigh iad siúd ag a raibh siad ina mbraighdeanaigh, agus beidh smacht acu ar lucht a mbrúite.


Och, a chreachadóir, agus tú féin gan creachadh, a fheallaire nach ndearnadh feall ort fós! nuair a bheidh deireadh le do chreachadh, déanfar creach ortsa; nuair a bheidh críoch le feall agat, déanfar feall ort féin.


Bígí ag faire agus seasaigí fód an chreidimh; bígí cróga calma.


Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus thug sé ar láimh iad do na Filistínigh agus do na hAmónaigh,


Chrom clann Iosrael ar an olc a dhéanamh arís i bhfianaise an Tiarna, agus thug an Tiarna ar láimh iad do na Filistínigh ar feadh daichead bliain.


Fiú na hEabhraigh a chuaigh i seirbhís na bhFilistíneach roimhe sin, agus a ghabh suas leo go dtí an campa, ghabhadar leis na hIosraelaigh a bhí le Sól agus le Iónátán.


Is mairg dúinn! Cé a shaorfaidh sinn ó láimh an dé chumhachtaigh seo? Eisean an dia a bhuail na hÉigiptigh le gach sórt plá san fhásach!


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí