Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 4:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Bhí Éilí ocht mbliana nóchad; bhí a shúile calctha agus é gan radharc.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Anois do bhí Eli ochd mbliádhna ar nóchad dáois; agus do bhádar a shúile fa cheó, go nach bhfaiceadh sé éinni.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 4:15
5 Tagairtí Cros  

Chuaigh Íosác in aois agus sramdhalladh a shúile i dtreo nárbh fhéidir leis aon ní a fheiceáil. Ghlaoigh sé chuige ar Éasau an mac ba shine. “A mhic,” ar sé leis, agus d'fhreagair seisean: “Anseo dom.”


Rinne bean Iarobám amhlaidh, chuir chun bóthair, chuaigh go Sileo agus tháinig go teach Aichíá. Ní raibh aon radharc ag Aichíá mar go raibh a shúile caoch ón tseanaois.


Seachtó bliain suim ár saolré; nó ceithre fichid má fhaighimid ár sláinte. Saothar agus stró a sealsan; imíonn siad ar luas agus bíonn deireadh linn.


Tharla lá amháin go raibh Éilí ina luí ina sheomra féin. Bhí radharc na súl ag teip air i dtreo nach raibh sé in ann dada a fheiceáil.


Chuala Éilí an gheoin agus d'fhiafraigh sé: “Cad a chiallaíonn an liúireach seo go léir?” Bhrostaigh an fear isteach agus thug sé an scéala d'Éilí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí