Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 26:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 D'imigh Dáiví agus Aibísí leo sa dorchadas dá bhrí sin chun an airm agus fuaireadar Sól ansiúd ina chodladh sa champa, a shleá sáite sa talamh ag a cheann agus Aibneár agus an t‑arm ina luí timpeall air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Marsin tháinic Dáibhi, agus Abisai chum an tslóigh san noidhche: agus, féuch, do bhí Saul na chodhladh a stigh san tréinnse, agus a ghath na sheasadh san talamh agá adhairt: agus do bhí Abner agus an slúagh na luidhe ar gach táobh dhe.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 26:7
5 Tagairtí Cros  

Agus tabhair an t‑ordú seo dóibh chomh maith: ‘Déanaigí mar leanas: Tugaigí cóistí libh ó thír na hÉigipte do bhur miondaoine agus do bhur mná agus tugaigí bhur n‑athair libh, agus tagaigí!


D'éirigh Dáiví go moch ar maidin, d'fhág aoire i bhfeighil na gcaorach, d'ardaigh leis an lón, agus d'imigh mar a d'ordaigh Ieise dó. Tháinig sé go dtí an longfort agus an slua ag dul amach chun a láithreacha troda, agus an gháir chatha á cur in airde acu.


Ansin labhair Dáiví le hAichímeilic an Hiteach agus le hAibísí mac Zarúá, deartháir Ióáb: “Cé rachaidh síos liom isteach sa champa go Sól?” ar sé. D'fhreagair Aibísí: “Mise; rachaidh mise leat.”


Ansin dúirt Aibísí le Dáiví: “Thug an Tiarna do namhaid i do láimh duit inniu! Déanfaidh mé é a shá go talamh le hiarracht dá shleá féin! Aon iarracht amháin air, ní bhuailfidh mé an dara ceann.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí