1 Samúéil 26:19 - An Bíobla Naofa 198119 Éisteadh mo thiarna an rí anois le briathra a shearbhónta; más é an Tiarna a ghriog thú i mo choinne, glacadh sé le hofráil; ach más daoine a rinne amhlaidh, go raibh mallacht orthu i láthair an Tiarna; óir tá mé ar ionnarbadh acu inniu i dtreo nach bhfuil aon pháirt agam in oidhreacht an Tiarna; dúradar: ‘Imigh leat agus déan seirbhís do dhéithe eile.’ Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)19 Anois ar a nadhbharsin, guidhim thú, éisdeadh mo thighearna an rígh briáthra a shearbhfhoghantuigh. Mas é an TIGHEARNA do chorruigh súas am aghaidhsi thú, glacadh sé ofráil chuige: achd mas íad clanna na ndáoine, go madh malluigh íad a lathair an TIGHEARNA; oir do dhíbreadar misi amach aniugh ó fhanmhuin a noighreachd an TIGHEARNA, ghá rádh, Eirigh, adhair deé oile. Féach an chaibidil |
cén ceart atá ag aon duine a rá: ‘Cad chuige a ndearna tú seo?”’ Dúirt Dáiví le hAibísí agus lena chuid oifigeach go léir: “Ar ndóigh tá mo mhac féin, síol mo choirp, ag iarraidh mé a mharú anois. Cá hionadh, mar sin, gur mó a bheadh an Biniáimineach seo á iarraidh? Lig do a bheith ag mallachtaigh leis, más é sin an rud a dúirt an Tiarna leis.