Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 26:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Ní maith mar a rinne tú. Dar an Tiarna beo, tá an bás tuillte agaibh go léir mar nach ndearna sibh bhur dtiarna, fear ungtha an Tiarna, a ghardáil. Féach, cá bhfuil sleá an rí anois, agus an crúsca uisce a bhí taobh lena cheann?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Ní maith an níso do rínne tú. Mar mhairios an TIGHEARNA, do thuilleabhair bhur mbásughadh, dó bhrígh nár choimhéadabhair bhur maighistir, ungthach an TIGHEARNA. Agus anois féuch cáit a bhfuil gath an rígh, agus an crúisgín uisge do bhí aga cheannadháirt?

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 26:16
11 Tagairtí Cros  

Tháinig taom feirge ar Dháiví in aghaidh an fhir: “Dar an Tiarna beo,” ar seisean le Nátán, “tá an bás tuillte ag an bhfear a rinne é sin.


Rinne sé do shearbhónta a chúlghearradh i láthair mo thiarna an rí. Ach is cuma nó aingeal Dé mo thiarna an rí. Déan dá bhrí sin mar is fearr a fheictear duit.


Agus maidir le hAibíátár an sagart, dúirt an rí leis: “Imigh leat go hAnatót go dtí do thailte. Mar tá an bás tuillte agat, ach ní chuirfidh mé chun báis anois thú mar gur iompair tú áirc an Tiarna os comhair Dháiví m'athair agus go raibh páirt agat in anró m'athar go léir.”


“D'fhéach an Tiarna anuas óna shanctóir in airde; bhreathnaigh sé ó neamh ar an talamh.


Go dtaga i do láthair osnaí bróin na bpríosúnach; agus go saora tú le do chumhacht an dream a daoradh chun báis.


Bhíomarna uile ar an mbuíon sin tráth, nuair a ghéillimis d'ainmhianta na colainne agus nuair a dhéanaimis riar na colainne agus a cuid smaointe. Bhí fearg Dé anuas orainne ó dhúchas chomh maith le cách eile.


Fad a mhairfidh mac Ieise beo ar talamh, ní bheidh tú féin ná do chearta rí daingean gan bhaol. Cuir fios air, dá bhrí sin, agus tabhair chugam é, óir tá an bás i ndán dó.”


Ina dhiaidh sin tháinig aiféala ar Dháiví mar gur bhain sé an t‑íochtar anuas de chlóca Shóil


Nár lige an Tiarna go sínfinn mo lámh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna! Ach tóg leat an tsleá anois atá ag a cheann, agus an crúsca uisce, agus imímís linn.”


D'fhreagair Dáiví Aibneár: “Nach fear thú féin? Cá bhfuil do shamhail in Iosrael? Cén fáth nach ndearna tú do thiarna, an rí, a ghardáil, más ea? Tháinig duine den phobal isteach chun do thiarna, an rí, a mharú.


Ach d'fhreagair Dáiví Aibísí: “Ná maraigh é! Óir cé d'fhéadfadh a lámh a shíneadh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna, agus ciontacht a sheachaint?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí