Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 26:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Ansin ghlaoigh Dáiví ar an arm agus ar Aibneár mac Néar á rá: “A Aibneár, nach dtabharfaidh tú freagra orm?” “Cé tá ag glaoch ar an rí?” arsa Aibneár.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Ann sin do ghoir Dáibhí air an tslúagh, agus air Abner mhac Ner, gha rádh, Nach bhfreagrann tú, a Abner? Ann sin do fhreagair Abner, agus a dubhairt, Cía thusa bhéiceas air ann rígh?

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 26:14
4 Tagairtí Cros  

Aibnéar mac Néar, taoiseach airm Shóil, rug sé Ís Bál mac Shóil leis agus thug sé anonn go Machanáím é.


Aichíonoam a bhí ar a bhean, iníon Aichímeáz. Aibnéar mac Néar a ba ainm dá thaoiseach airm; uncail do Shól eisean.


Ghabh Dáiví anonn go dtí an taobh eile agus stad sé ar bharr an chnoic i bhfad ó bhaile; bhí spás mór eatarthu.


D'fhreagair Dáiví Aibneár: “Nach fear thú féin? Cá bhfuil do shamhail in Iosrael? Cén fáth nach ndearna tú do thiarna, an rí, a ghardáil, más ea? Tháinig duine den phobal isteach chun do thiarna, an rí, a mharú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí