1 Samúéil 26:12 - An Bíobla Naofa 198112 Thóg Dáiví an tsleá agus an crúsca uisce a bhí taobh le ceann Shóil agus d'imigh leis. Ní bhfuair aon duine radharc súl ná clos cluas ar ar tharla, ná níor dhúisigh aon duine; bhíodar go léir ina gcodladh mar thit codladh trom ón Tiarna orthu. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)12 Mar sin do thóg Dáibhi an gath agus an crúisgín uisge ó cheannadhairt Shauil; agus do imthigheadar rompa, agus ní raibh éanduine ann do chonnairc sin, nó agá raibh á fhios, nó do mhúscail: óir do bhádar uile na gcodhladh; do chionn gur thuit súan trom ón TTIGHEARNA órra. Féach an chaibidil |