Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 22:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Chuaigh Dáiví ón áit sin go Mizpeá i Móáb agus dúirt sé le rí Mhóáb: “Lig do m'athair agus do mo mháthair fanacht in éineacht libh nó go mbeidh a fhios agam cad tá i ndán dom ag Dia.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 ¶ Agus do chuáidh Dáibhi as sin go Mispeh Móab: agus a dúbhairt sé ré righ Mhóab, Guidhim thú, tigeadh mathair agus mo mhathair amach, agus bidís ad fhochairsi, nó go raibh a fhios agum cred dhéana Día ar mo shon.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 22:3
15 Tagairtí Cros  

Ansin bhunaigh Iósaef a athair agus a dheartháireacha, agus thug seilbh dóibh, i dtír na hÉigipte, sa chuid is fearr den talamh, i ndúiche Ramasaes mar a d'ordaigh Forann.


Bhris sé freisin ar na Móábaigh agus chuir d'iallach orthu luí ar an talamh agus thomhais sé iad le téad; thomhais sé fad dhá théad le cur chun báis, agus téad iomlán eile le hanacal. Thug na Móábaigh géillsine do Dháiví agus d'íoc cáin leis.


Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta ar an talamh a thug an Tiarna do Dhia duit.


Ach má tá clann nó clann chlainne ag baintreach, tuigidís sin gurb é céad dualgas atá orthu cuidiú lena dteaghlach féin agus cúiteamh a dhéanamh lena dtuismitheoirí, mar gurb áil le Dia é sin.


Tháinig spiorad an Tiarna ar Iaftá agus ghabh sé sin trí Ghileád anonn agus trí Mhanaise gur shroich sé Mizpeá i nGileád agus ghluais sé ó Mhizpeá i nGileád ar chúl na nAmónach.


mar an gcéanna gur cheannaigh mé Rút an Móábach, baintreach Mhachlón le bheith mar bhean agam, chun ainm an mhairbh a choimeád buan ar a oidhreacht d'fhonn nach dteipfeadh ainm an mhairbh i measc a bhráithre ná ag geata a bhaile dúchais. Finnéithe air sin sibhse.”


Agus thug mná na comharsanachta ainm air. “Saolaíodh mac do Náoimí,” a dúradar, agus thugadar Óbaed air. Ba eisean athair Ieise, athair Dháiví.


Dhaingnigh Sól a údarás rí ar Iosrael, agus throid sé in aghaidh a naimhde go léir ar gach taobh - i gcoinne na nAmónach, i gcoinne Eadóm, i gcoinne ríthe Zóbá, agus i gcoinne na bhFilistíneach; cibé áit ina dtugadh sé a aghaidh bhíodh [an bua aige].


Lucht anó agus gátair, agus fiach, agus aon duine a raibh gearán aige, chruinníodar go léir chuige, agus bhí sé mar cheannaire acu. Bhí timpeall ceithre chéad fear ina theannta.


D'fhág sé ag rí Mhóáb iad agus d'fhanadar aige i rith an ama a bhí Dáiví sa daingean.


D'inis Samúéil gach ní dó ansin, gan aon ní a choimeád ar gcúl uaidh. Dúirt Éilí: “Eisean an Tiarna; déanadh sé mar is áil leis.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí