Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 22:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Agus dúirt Sól leis: “Cén fáth a ndearna sibh comhcheilg i m'aghaidh, thú féin agus mac Ieise, ag tabhairt aráin agus claímh dó, agus ag iarraidh comhairle Dé dó, i slí is go ndéanfadh sé ceannairc i m'aghaidh agus a bheith ag faire na faille orm, rud atá anois?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus a dubhairt Saul ris, Cred far thionnsguinn tusa feall am aghaidhsi, thú féin agus mac Iesse, do reír mar thug tú arán dó, agus cloidheamh, agus gur fhíofruigh tú do Dhía air a shon, ionnus go néireochadh sé am aghaidhsi, agus go mbíadh ag oirchill orum, mar atá a niugh?

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 22:13
5 Tagairtí Cros  

Beartaíonn na díomasaigh cealg i mo choinne; ach comhlíonaimse do phroiceapta.


Chuir Amaiziá, sagart Bhéit Éil, scéal ansin chuig Iarobám, rí Iosrael, á rá: “Tá Amós ag beartú comhcheilge i d'aghaidh i lár theach Iosrael; ní féidir leis an tír a bhriathra uile a fhulaingt níos mó.


Dúirt Sól: “Éist liom anois, a mhic Aichiteob.” D'fhreagair seisean: “Anseo dom, a thiarna.”


a rá is go bhfuil sibh uile i gcogar ceilge i m'aghaidh? Nuair a rinne mo mhac conradh le mac Ieise, níor thug aon duine eolas dom faoi; ní raibh trua ag aon duine agaibh dom, ná níor thug scéal dom nuair a ghriog mo mhac mo shearbhónta i m'aghaidh le bheidh ina namhaid agam mar atá anois.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí