Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 21:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 D'fhreagair Dáiví an sagart: “Bí deimhin de go bhfuil mná coiscthe orainn faoi mar a bhíonn i gcónaí nuair a théim ar eachtra; tá a gcuid coinnithe naofa ag mo shaighdiúirí. Cé gur aistear coiteann é seo, tá a gcuid naofa inniu go cinnte.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus do fhreagair Dáibhi an sagart, agus a dubhairt ris, Go deimhin do congmhadh mná uáinne trí lá anois, ó tháinic misi amach, agus atáid soithighe na nógán glan, agus an tarán fós coithcheann air mhodh, dá náomhthuigh a niugh é annsa tsoitheach.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 21:5
10 Tagairtí Cros  

D'imigh Maois síos ón sliabh chun an phobail dá bhrí sin agus choisric sé an pobal; agus níodar a n‑éadaí.


Dúirt sé leis an bpobal: “Bígí ullamh i gcomhair an tríú lá; fanaigí amach ó mhná!”


Agus ar an mbord os mo chomhair leagfaidh tú arán na láithreachta i gcónaí.”


Bainidís le hÁrón agus lena chlann mhac agus ithidís iad in áit naofa, óir is roinn shárnaofa aige iad d'íobairtí dóite an Tiarna, dleacht síoraí.”


As an gcliabh slimaráin a bhí leagtha os comhair an Tiarna, thóg sé builín slim agus builín aráin fuinte le hola, agus cáca. Leag sé iadsan ar an tsaill agus ar an gceathrú dheas,


“Gluais leat,” arsa an Tiarna leis, “mar is é sin an duine atá tofa agamsa chun m'ainm a thabhairt i láthair na bpágánach agus na ríthe agus i láthair chlann Iosrael.


Agus ná diúltaígí dá chéile ach amháin ar feadh seala le toil a chéile d'fhonn bheith saor chun urnaithe agus ansin teacht ar ais le chéile arís ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh de dheasca ainriantachta.


Óir nach fearr fulaingt de chionn na maitheasa, más é toil Dé é, ná de chionn an oilc?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí