Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 20:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 D'fhreagair seisean é: “Cuir uait agus ná bí den tuairim sin. Ní mharóidh sé thú. Féach, ní dhéanann m'athair aon ní, le tábhacht ná gan tábhacht, gan é chur faoi mo bhráid. Cén fáth a gceilfeadh m'athair é seo orm? Ní fíor é.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus a dubhairt seision ris, Nár leígidh Día; ni muirfighear thú: féuch, ní dhéana mathair éinní beag ná mór, nach inneosaidh sé dhamhsa: agus créd fá gceilfeadh mathair an ní so orum? ní marsin atá.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 20:2
14 Tagairtí Cros  

Dúradar leis: “Cen fáth go labhraíonn tú mar sin, a mháistir? I bhfad ó do shearbhóntaí a leithéid de bheart a dhéanamh!


Nach iomaí sin éacht a rinne tú, a Thiarna is mo Dhia! Níl aon neach inchurtha leatsa sna comhairlí a cheap tú dúinn. Dá mb'áil liom a n‑insint nó a n‑áireamh rachadh a gcomhaireamh díom.


Tá fuath ag comrádaí an ghadaí dá bheo féin; cluineann sé an mhallacht ach ní sceitheann.


An Tiarna Dia, is é a d'oscail mo chluas. Maidir liom féin, níor chuir mé ina choinne, níor theann mé ar gcúl.


Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé na curadóirí sin chun báis, agus tabharfaidh an fíonghort do dhaoine eile.” Ar a chloisteáil sin dóibh, dúirt siad: “Nárab ea!”


Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta, mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir. Ach thug mé cairde oraibh, óir gach a gcuala ó m'Athair, chuir mé in iúl daoibh é.


óir na briathra a thug tú dom, thug mé dóibh iad, agus ghlac siad iad agus thuig siad go fíor gur uaitse a tháinig mé, agus chreid siad gur tú a chuir uait mé.


I bhfad uainne ceannairc a dhéanamh in aghaidh an Tiarna, nó casadh i leataobh agus gan an Tiarna a leanúint trí altóir a thógáil d'íobairt uileloiscthe nó d'abhlanna, nó d'íobairt chomaoineach, seachas altóir an Tiarna, ár nDia, a sheasann os comhair a bhotha!”


Dúirt an pobal ansin á fhreagairt: “Nár lige Dia go dtréigfimís an Tiarna chun fónamh do dhéithe eile!


Ach dúirt an pobal le Sól: “An bhfaighidh Iónátán bás anois agus gurb eisean a fuair an bua iontach seo d'Iosrael? I bhfad uainn a leithéid! Dar an Tiarna beo, ní thitfidh oiread agus ribe de ghruaig a chinn chun talún mar bhí Dia leis ina bhearta inniu.” Rinne an pobal Iónátán a fhuascailt dá bhrí sin agus níor cuireadh chun báis é.


Theith Dáiví ó na botháin i Rámá, agus tháinig sé agus labhair sé le Iónátán: “Cad a rinne mé as an tslí? Cén cion atá orm, agus cén choir a rinne mé in aghaidh d'athar a rá go bhfuil sé ar thóir m'anama?”


Ansin dúirt Iónátán le Dáiví: “Go raibh an Tiarna Dia Iosrael ina fhinné! Déanfaidh mé m'athair a thriail an taca seo amárach (nó an tríú lá); má bhíonn gach ní ina cheart maidir le Dáiví agus nach gcuirim sin in iúl dó,


Ach thug Dáiví mionn arís agus dúirt: “Is maith is eol do d'athair go bhfuil an-chion agatsa orm, agus deir sé leis féin: ‘Ná bíodh a fhios seo ag Iónátán nó goillfidh sé air.’ Ach dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, níl ach coiscéim idir mise agus an bás.”


Bhí foilsiú tugtha ag an Tiarna do Shamúéil an lá sular tháinig Sól, á rá:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí