Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 20:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Ansin dúirt Iónátán le Dáiví: “Go raibh an Tiarna Dia Iosrael ina fhinné! Déanfaidh mé m'athair a thriail an taca seo amárach (nó an tríú lá); má bhíonn gach ní ina cheart maidir le Dáiví agus nach gcuirim sin in iúl dó,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus a dubhairt Ionatan re Dáibhi, O a THIGHEARNA a Dhé Israel, a nuair spíonfus misi mathair timchioll a namasa márach, nó an treas lá, agus, féuch, má bhíonn maith a ttaobh Dháibhi, agus nach ccuirfe misi scénla annsin chugadsa, agus nach inneosa mé dhuit é;

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 20:12
10 Tagairtí Cros  

Rinne an rí anacal ar Mheirí Bál mac Iónátán mhic Shóil de bharr an mhionna dar an Tiarna a bhí eatarthu, Dáiví is é sin agus Iónátán mac Shóil.


Nach bhfeiceann sé mo bhealaí Agus nach n‑áiríonn sé mo choiscéimeanna?


Cuardaigh mo chroí, tabhair cuairt orm san oíche, déan mo thástáil le tine agus ní bhfaighidh tú coir ionam.


Is cuma nó uisce domhain a mbíonn ar aigne ag duine ina chroí istigh; níl ag an duine tuisceanach ach é a tharraingt amach.


“Dia na ndéithe, an Tiarna, Dia na ndéithe, is maith atá a fhios ag an Tiarna, agus bíodh a fhios ag Iosrael chomh maith: má rinneamar ceannairc nó feall in aghaidh an Tiarna, ná déanadh sé anacal orainn inniu;


“Téanam,” arsa Iónátán le Dáiví, “téimis amach faoi na bánta.” D'imíodar araon amach faoi na bánta.


ansin go ndéana an Tiarna a leithéid seo le Iónátán - agus a thuilleadh fós. Má bheartaíonn m'athair urchóid a dhéanamh duit, cuirfidh mé é sin in iúl duit agus seolfaidh mé chun siúil thú agus éalóidh tú gan díobháil, agus go raibh an Tiarna leat mar a bhíodh le m'athair.


Rinne an bheirt acu conradh i láthair an Tiarna. D'fhan Dáiví i Hoiris, agus chuaigh Iónátán abhaile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí