Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 2:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 D'imigh Ealcáná abhaile go Rámá ansin, ach d'fhan an buachaill ag fónamh don Tiarna i láthair Éilí an sagart.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus dimthigh Elcanah go Rámah dhá thigh. Agus do rinne an leanamh miniostralachd don TIGHEARNA a lathair Elí an sagart.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 2:11
7 Tagairtí Cros  

Bhí fear áirithe ann ó Rámátaím Zóifím i sléibhte Eafráim. Sé ainm a bhí air Ealcáná mac Iarohám mhic Eilíhiú mhic Thochú mhic Zúf, Eafráimeach.


D'éirigh siad go moch ar maidin agus rinne adhradh i láthair an Tiarna, agus d'fhill siad abhaile go Rámá. Luigh Ealcáná lena bhean Hanná agus chuimhnigh an Tiarna uirthi.


Uime sin thug mé suas don Tiarna é lena shaol. Tá sé tugtha suas don Tiarna.” [D'fhag sí] ansiúd ag an Tiarna é.


Bhí Samúéil ag freastal i láthair an Tiarna, agus bhí éafód línéadaigh faoina choim ar an mbuachaill.


Bhí an gasúr Samúéil ag fónamh don Tiarna i láthair Éilí. Is annamh a bhíodh focal ón Tiarna sna laethanta sin, agus is annamh a d'fheictí físeanna.


D'fhan Samúéil ansiúd ina luí go maidin agus ansin d'oscail sé doirse theampall an Tiarna. Bhí eagla air an fhís a insint do Éilí,


D'fhilleadh sé ansin ar Rámá mar gurb é ba bhaile dó. Thugadh sé breith ar chlann Iosrael ansiúd leis. Thóg sé altóir ann don Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí