Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 17:51 - An Bíobla Naofa 1981

51 Rith Dáiví ansin go dtí an Filistíneach, sheas os a chionn, rug greim ar a chlaíomh siúd, tharraing as a thruaill é, agus mharaigh é agus bhain an ceann de leis. Nuair a chonaic na Filistínigh go raibh a gcuradh marbh, theitheadar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

51 Uime sin do rith Dáibhi, agus do sheas súas ar an Bhphilistineach, agus do ghlac a chloidheamh, agus do tharruing amach as a dhúbla é, agus do mharbh an Philistineach, agus da bhain a cheann de leis. Agus a núair do chonncadar na Phílistinigh go raibh a ngaisgidheach marbh, do theitheadar.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 17:51
10 Tagairtí Cros  

Agus mharaigh sé Éigipteach, fear dealraitheach; bhí sleá ina láimh ag an Éigipteach, ach ghabh Banáiá síos chuige agus bata ina láimh, sciob an tsleá as láimh an Éigiptigh agus mharaigh é lena shleá féin.


Isteach leo mar a raibh [Ís Bál] ina luí ar a leaba ina sheomra codlata. Bhuail siad é, agus mharaigh, agus bhain an ceann de. Thugadar leo an ceann agus thaistil siad bealach an Arabá ar feadh na hoíche,


mhúch siad tinte craosacha, d'éalaigh siad slán ó bhéal an chlaímh, d'éirigh siad ó laige go láidreacht, bhí siad cróga sa chath agus chuir siad an ruaig ar shluaite eachtrannach.


Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil nádúr daonna ag an gclann go léir, ghlac seisean an nádúr céanna sin. Rinne sé é sin chun an té a bhfuil an bás faoina cheannas, is é sin, an diabhal, a scriosadh trína bhás féin,


Sin mar a rug Dáiví bua ar an bhFilistíneach le crann tabhaill agus le cloch gur bhuail an Filistíneach agus gur mharaigh é, gan aon chlaíomh ina láimh ag Dáiví.


D'imigh Dáiví leis an lá sin, agus theith ó Shól, agus tháinig go hÁicís rí Ghat.


“Claíomh Ghóla an Filistíneach an té a mharaigh tú i nGleann Éileá,” arsa an sagart, “féach, tá sé ansiúd thall, agus éadach fillte air laistiar den éafód. Más mian leat é sin a bhreith leat, déan, mar níl anseo ach é.” “Níl a leithéid eile ann,” arsa Dáiví. “Tabhair dom é.”


Theascadar an ceann de, agus bhaineadar a éide chatha anuas de, agus sheoladar teachtairí ar fud tír na bhFilistíneach chun an dea-scéala a thabhairt dá n‑íola agus dá bpobal.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí