Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 17:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 D'imigh an triúr mac ba shine le Ieise agus leanadar Sól chun cogaidh. Seo iad ainmneacha an triúr mac a chuaigh chun cogaidh - Eilíáb an chéadghin, Aibíonádáb an dara mac agus Seamá an tríú mac.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus do imthigheadar an tríur mac fá sine ag Iesse agus do leanadar Saul chum an chatha: agus do bíad anmanna an triair mac do chúaidh chum an chatha Eliab an mac fá sine, agus na dhiáigh sin Abinadab, agus an treas mac Sammah.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 17:13
6 Tagairtí Cros  

Ach bhí cara ag Amnón, darbh ainm Iónádáb, mac Shimeá, deartháir Dháiví. Fear an-chliste a ba ea Iónádáb.


Ach labhair Iónádáb mac Shimeá, deartháir Dháiví: “Ná síleadh mo thiarna,” ar sé, “gur mharaigh siad na fir óga go léir, clann mhac an rí. Níl marbh ach Amnón amháin, mar bhí an bhagairt sin le léamh ar aghaidh Aibseálóm ón lá a d'éignigh Amnón a dheirfiúr Támár.


Nuair a thug sé dúshlán Iosrael, mharaigh Iónátán mac Shimeí, deartháir Dháiví, é.


Ghin Ieise Eilíáb, a chéadghin, Aibíonádáb a dhara mac, Simeá a thríú mac,


Eilíáb, an deartháir ba shine aige, chuala sé é ag caint leis na fir agus tháinig fearg air le Dáiví agus dúirt: “Cad a thug thusa anseo anuas? Cé a d'fhág tú i bhfeighil an chúpla caora úd san fhásach? Is eol dom d'uabhar agus an t‑olc i do chroí; tháinig tú ó dheas chun faire ar an gcath.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí