1 Samúéil 15:11 - An Bíobla Naofa 198111 “Is aithreach liom go ndearna mé rí de Shól, óir thug sé droim liom, agus d'fhág mo lorg, agus rinne faillí i m'orduithe.” Tháinig suaitheadh mór ar Shamúéil agus chaith sé an oíche ar fad ag glaoch chun an Tiarna. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)11 As aithreach liom go ndearna mé rígh do Shuail: óir do iompoigh sé ó misi leanmhuin, agus níor choimhlíon maitheanta. Agus do ghoill sin ar Shamuel; agus do eígh ar an TTIGHEARNA feadh na hoidhche. Féach an chaibidil |
Ansin chuir an Tiarna an t‑aingeal go Iarúsailéim lena scrios, ach nuair a bhí sé ar tí í a scrios, d'fhéach an Tiarna agus tháinig ar mhalairt aigne faoin olc seo, agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: “Is leor sin! Fóill ar do láimh anois!” Bhí aingeal an Tiarna ina sheasamh ag urlár buailte Ornán an Iabúsach.
Ghuigh sé chun an Tiarna mar a leanas: “Och ochón, a Thiarna! Nach é sin go díreach an rud a dúirt mé a tharlódh, nuair a bhí mé i mo dhúiche féin? Sin é an fáth ar theith mé faoi dheifir go Tairsís de chéaduair. Ba mhaith ab eol dom gur Dia truachroíoch agus trócaireach thú, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus gurb aithreachas duit an t‑olc.