1 Samúéil 14:12 - An Bíobla Naofa 198112 Chuir lucht an gharastúin forrán ansin ar Iónátán agus ar fhear iompair a airm: “Tagaigí aníos chugainn,” ar siad, “tá rud éigin le rá againn libh.” Dúirt Iónátán lena fhear iompair airm: “Lean suas mé; thug an Tiarna ar láimh Iosrael iad.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)12 Agus do fhreagradar muinntir an ghárda Ionatan agus fear iomchair a airm, agus a dubhradar, Tigidh súas chugainne, agus taisbeanfam ní dhíbh. Agus a dubhairt Ionatan re fear iomchair a airm, Tárr súas am dhiáigh: óir do thoirbhir an TIGHEARNA a láimh Israel íad. Féach an chaibidil |