Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 12:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Nuair a tháinig Iacób isteach san Éigipt [agus go ndearna na hÉigiptigh leatrom orthu], ghlaoigh bhur sinsir ar an Tiarna agus sheol sé Maois agus Árón chucu. Thugadarsan bhur sinsir as an Éigipt amach agus chuireadar chun cónaithe san áit seo iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 A nuáír tháinic Iácob a steach don Négipt, agus do éighmheadar bhur naithre air an TTIGHEARNA, ann sin do chuir an TIGHEARNA Máoisi agus Aaron chugaibh, noch thug bhur naithre amach as an Négipt, agus thug orra comhnuighe dhéanamh san náitsi.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 12:8
19 Tagairtí Cros  

Agus thug sé dóibh críocha na gciníocha; agus ghabh siad a raibh saothraithe ag na náisiúin,


Agus an lá sin féin thug an Tiarna clann Iosrael amach as tír na hÉigipte ina sluaite cóirithe.


Siúd iad an tÁrón agus an Maois a ndúirt an Tiarna leo: “Tabhair clann Iosrael as tír na hÉigipte ina sluaite faoi eagar.”


chuaigh ár sinsir síos go dtí an Éigipt agus d'fhanamar ann tamall fada. Ach thug na hÉigiptigh drochíde orainn mar a thugadar ar ár sinsir.


Chuaigh Iacób síos chun na hÉigipte, áit a bhfuair sé bás, é féin agus ár n‑aithreacha.


Bíodh neart ionat agus misneach agat, mar an tír seo a mhionnaíos dá n‑aithreacha a thabharfainn dóibh, is tusa a chuirfidh é i seilbh an phobail seo mar oidhreacht.


Ar an gcaoi sin bhronn an Tiarna ar Iosrael an talamh go léir a mhionnaigh sé dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh; ghabhadar seilbh air agus chuireadar fúthu ann.


agus dúirt le clann Iosrael: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Thug mé Iosrael aníos as an Éigipt agus shaor mé sibhse ó chumhacht na nÉigipteach, agus na ríochtaí go léir a bhí do bhur gciapadh.’


Dúirt Samúéil ansin leis an bpobal: “An Tiarna, an té a cheap Maois agus Árón, agus a thug bhur sinsir amach as an Éigipt, [is finné é].


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí