Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 11:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 [Timpeall mí ina dhiaidh sin], ghabh Nácháis an tAmónach suas agus chuir léigear ar Iáibéis Gileád. Dúirt muintir Iáibéis go léir le Nácháis: “Déan conradh linn agus beimid faoi do réir.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 An sin tháinic Nahas an Tammóniteach súas, agus do rinne campa as coinne Iabes‐Gílead: agus a dubhradar muinntir Iabes‐Gílead uile re Nahas, Déana cunnradh riune, agus uimhleocham dhuit.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 11:1
23 Tagairtí Cros  

D'fhreagraíodar: “Ba léir dúinn go raibh an Tiarna leat, agus dúramar: Bíodh mionn eadrainn, agus déanaimis conradh le chéile, sinne agus tusa,


Fuair rí na nAmónach bás ina dhiaidh sin, agus tháinig Hánún a mhac i gcoróin ina dhiaidh.


Dúirt Dáiví leis féin: “Beidh mé chomh dílis céanna do Hánún mac Nácháis agus a bhí a athair domsa.” Chuir Dáiví a sheirbhísigh chuige le teachtaireacht chomhbhróin faoi bhás a athar. Ach nuair a ghabh seirbhísigh Dháiví isteach i dtír na nAmónach,


Nuair a shroich Dáiví Machanáím, thug Siobaí mac Nácháis ó Rabá na nAmónach, Mácaír mac Aimiael ó Ló Dabár, agus Bairzilí an Gileádach ó Rogailím -


Chuir Dáiví teachtaireacht go muintir Iáibéis Gileád. “Go raibh beannacht oraibh ón Tiarna,” ar sé, “toisc go ndearna sibh an cineáltas seo do Shól, bhur dtiarna, agus gur adhlaic sibh é.


Dúirt Bein Hadad: “Tabharfaidh mé ar ais na cathracha a thóg m'athairse ó d'athairse, agus bíodh cead agat margaí a chur suas duit féin sa Damaisc mar a rinne m'athair sa tSamáir.” Dúirt Acháb: “Scaoilfidh mé leat ar na coiníollacha sin,” agus rinne sé conradh leis agus scaoil saor é.


Nuair a chuala [lucht áitrithe] Ghileád go léir cad a rinne na Filistínigh le Sól,


chuir na gaiscígh go léir chun bealaigh, agus rugadar leo coirp Shóil agus a mhac, agus thugadar go Iáibéis iad, agus chuireadar a gcnámha faoin gcrann tamaraisce i Iáibéis, agus rinne siad troscadh ar feadh seacht lá.


Ní bheidh mé i mo thost faoina ghéaga, Ná faoina neart éachtach, ná a chló gan cháim.


Ná déan conradh ar bith leo, ná lena ndéithe.


Ná héistigí le Hiziciá, óir seo iad focail rí na hAsaíre: Déanaigí síocháin liomsa,


Mar an gcéanna, nuair a chuala na Giúdaigh uile a bhí i Móáb agus i measc na nAmónach, agus in Eadóm, gur fhág rí na Bablóine fuíoll in Iúdá, agus gur chuir sé Gadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, os a gcionn,


agus dúirt leis: “An bhfuil a fhios agatsa gur chuir Báilíos, rí na nAmónach, Ísmeáéil mac Natainiá do do mharú?” Ach ní chreidfeadh Gadailiá mac Aichíceám iad.


Ghlac sé fear de shíol na rí agus rinne conradh leis, á chur faoi bhrí na mionn. Ghabh sé cheana féin taoisigh na tíre


Ná bíodh cead isteach i dTionól an Tiarna ag Amónach ná ag Móábach; fiú go dtí an deichiú glúin ná bíodh cead isteach go Tionól an Tiarna ag a sliocht go brách.


Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus thug sé ar láimh iad do na Filistínigh agus do na hAmónaigh,


Tar éis tamaill chuaigh na hAmónaigh chun cogaidh le hIosrael.


Ansin chuireadar an cheist: “Cé acu de threibheanna Iosrael nár tháinig i láthair an Tiarna i Mizpeá?” Agus féach! níor tháinig aon duine as Iáibéis Gileád chun an longfoirt don tionól,


Nuair a chonaic sibh Nácháis rí na nAmónach ag teacht do bhur n‑ionsaí, dúirt sibh liom: ‘Ní hea, ní foláir rí a bheith ag rialú orainn,’ cé gurbh é an Tiarna bhur nDia ba rí oraibh.


Dhaingnigh Sól a údarás rí ar Iosrael, agus throid sé in aghaidh a naimhde go léir ar gach taobh - i gcoinne na nAmónach, i gcoinne Eadóm, i gcoinne ríthe Zóbá, agus i gcoinne na bhFilistíneach; cibé áit ina dtugadh sé a aghaidh bhíodh [an bua aige].


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí