Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 10:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Ar aghaidh leat ón áit sin agus tiocfaidh tú go Dair Thábór, mar a mbuailfidh tú le triúr fear ar a slí suas chun Dé i mBéitéil; beidh trí mheannán á n‑iompar ag duine díobh, trí bhuilín aráin ag duine eile, agus seithe fíona ag an tríú duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Ann sin rachaidh tú ar haghaidh as sin, agus tiucfa tú go réidhteach Tábor, agus teigeomhuid triúr feár dhuit annsin ag dul súas go Día go Bétel, duine dhiobh ag iomchar trí meannán, duine eile ag iomchar thrí mbuilín aráin, agus duine eíle ag iomchar buidéil fíona:

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 10:3
22 Tagairtí Cros  

Thug sé Béitéil mar ainm ar an áit; Lúz a bhí mar ainm ar an mbaile roimhe sin.


agus an chloch seo a chuir mé ina seasamh mar ghallán cuimhneacháin, beidh sí ina teach Dé, agus tabharfaidh mé duit deachú dá mbronnann tú orm.”


Dúirt Dia le Iacób: “Éirigh agus imigh leat suas go Béitéil, agus cuir fút ann, agus déan altóir ann don Dia a thaispeáin é féin duit agus tú ag teitheadh ó do dheartháir Éasau.”


Éirimis ansin agus téimis suas go Béitéil chun go dtógfainn altóir ann do Dhia, an té a d'éist liom nuair a bhíos i gcruachás agus a bhí faram i ngach treo dár ghabh mé.”


Is leat na flaithis, is leat an talamh; is tú a bhunaigh an domhan agus a bhfuil ann.


Agus faoi mar a bhí ráite ag an Tiarna tháinig Hanamael mo chol ceathrar chugamsa i gCúirt an Gharda. Dúirt liom: ‘Ceannaigh mo gharraí atá in Anatót, óir is leat ceart a oidhreachta agus a fhuascailte, ceannaigh duit féin é.’ Bhí a fhios ansin agam gurbh é sin ordú an Tiarna.


Más ainmhí ón tréad, ceann de na caoirigh nó de na gabhair, a bheidh le hofráil aige le huileloscadh, ofráladh sé fireannach gan mháchail.


Sé a bheidh in abhlann an lae sin, dhá dheachú de phlúr mín fuinte le hola, íobairt uileloiscthe a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna. An ofráil dí, bíodh sí d'fhíon, ceathrú hín.


Más gabhar a ofrálann sé, ofráladh sé é i láthair an Tiarna,


Más beithíoch ón tréad a ofrálann sé mar íobairt chomaoineach don Tiarna, ofráladh sé fireannach nó baineannach gan mháchail.


Tá an ofráil seo le cur leis na builíní aráin ghabháilte agus leis an íobairt chomaoineach bhuíochais.


Ghabh an teorainn soir i dtreo éirí gréine ó Sháraíd go teorainn Chioslot Tábor, ansin i dtreo Dhobrat agus ansin suas go Iáifia.


Ghabh a dteorainn cneas le Tábór agus Seachazaímeá agus Béit Seimis, agus stad ag an Iordáin - sé cathracha déag lena sráidbhailte.


Chuireadar chun bóthair agus chuadar go Béitéil chun dul i gcomhairle le Dia; chuir clann Iosrael an cheist: “Cé acu dínn ar chóir dó dul suas ar dtús agus na Biniáiminigh a ionsaí?” D'fhreagair an Tiarna: “Téadh Iúdá suas ar dtús.”


Tháinig misneach arís chun arm Iosrael agus chóiríodar iad féin in eagar arís san áit chéanna ina ndearnadar an lá roimhe sin.


Ansin chuaigh clann Iosrael i gcomhairle leis an Tiarna. Bhí áirc chonradh Dé ansiúd an t‑am sin,


Nuair a chuala Síseará go raibh a champa ag Bárác mac Aibíonoam ar Shliabh Tábór,


Chuir sí fios ar Bhárác mac Aibíonoam ó Cheidis i Naftáilí agus dúirt leis: “Seo é ordú an Tiarna Dia Iosrael duit: ‘Tionóil do chuid fear ag Sliabh Tábór agus beir leat fiche míle as treibh Naftáilí agus as treibh Zabúlun.


Ansin dúirt sé le Zeaba agus Zalmuná: “Cér leis ar chosúil na fir a mharaigh sibh ag Tábór?” “Cosúil leat féin,” ar siad; “ba gheall le mac rí gach duine díobh ar a iompar.”


Beannóidh siad duit agus tabharfaidh siad dhá builín aráin duit nach foláir duit a ghlacadh uathu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí