Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 10:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 An mhuintir go léir a raibh aithne acu air, nuair a chonaiceadar é, ag fáidheoireacht leis na fáithe, dúradar le chéile: “Cad a d'éirigh do mhac Chís? An bhfuil Sól freisin ar dhuine de na fáithe?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus tárla, a nuáir do chonncadar na dáoine uile aga raibh a fhios cía hé roimhe, féach, go raibh sé ag fáigheadóireachd a measc na bhfáigheadh, ann sin a dubhradar ná daoíne gach aon re chéile, Cred é so tháinic ar mhac Chis? An bhfuil Saul fós a measc na bhfáigheadh?

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 10:11
10 Tagairtí Cros  

Dúirt Amós le hAmaiziá á fhreagairt: “Ní fáidh mé ná mac fáidh, ach aoire agus coimeádaí seiceamar;


ach ba é an Tiarna a thóg mé ón mbuachailleacht agus ba é a dúirt liom: ‘Téigh agus tairngir do mo phobal Iosrael.’ ”


Tháinig ionadh, dá bhrí sin, ar na Giúdaigh agus dúirt siad: “Cén chaoi a bhfuil léann aige agus nach bhfuair sé foghlaim?”


agus nuair a d'aithin siad gurbh é an fear a bhíodh ina shuí ag Geata Álainn an Teampaill é, ghabh ionadh agus alltacht iad faoinar tharla dó.


Nuair a chonaic siadsan a dhánacht a bhí Peadar agus Eoin agus nuair a thug siad faoi deara nach raibh iontu ach gháthdhaoine gan léann, bhí an dubhiontas orthu. D'aithin siad ansin gur chomrádaithe d'Íosa ba ea iad.


Tháinig alltacht ar a raibh ag éisteacht leis agus deiridís: “Nach é sin an duine a rinne scrios in Iarúsailéim ar a mbíodh ag glaoch ar an ainm sin? Nach é gnó a thug anseo é iad a ghabháil agus a thabhairt ar ais go dtí na hardsagairt?”


Chaith seisean leis a chuid éadaigh de agus bhí sé ag fáidheoireacht chomh maith i láthair Shamúéil agus d'fhan sé ansiúd sínte ar an talamh agus é nocht ar feadh an lae agus na hoíche sin. Uaidh sin an nath: “An bhfuil Sól freisin ar dhuine de na fáithe?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí