Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 22:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Dúirt sé le Iahóiseáfát: “An dtiocfaidh tú liom chun troda ag Rámot Gileád?” D'fhreagair Iahóiseáfát rí Iosrael: “Táimse chomh hullamh leat féin, mo mhuintir le do mhuintirse, agus m'eachra le d'eachra.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus a dubhairt sé re Iehosaphat, An racha tusa liomsa a ccath go Rámotghílead? Agus a dubhairt Iehosaphat re rígh Israel, Atáimsi mar atá tusa, mo mhuinntir mar do mhuinntir, meich mar heachruidh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 22:4
13 Tagairtí Cros  

Chuaigh rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá suas in aghaidh Rámot Gileád.


Ach dúirt Iahóiseáfát le rí Iosrael: “Faigh ar dtús comhairle an Tiarna.”


...mac Gheibir i Rámót Gileád; ba leis bailte Iáir mac Mhanaise atá i nGileád; agus ba leis dúiche Argob atá i mBáiseán, trí fichid cathair dhaingean le ballaí agus boltaí práis.


Ansin chuir sé scéala go dtí (Iahóiseáfát) rí Iúdá: “Tá ceannairc déanta ag rí Mhóáb i m'aghaidh. An rachaidh tú liom chun cath a chur ar Mhóab?” “Déanfaidh mé,” d'fhreagair sé; “táimse chomh hullamh leatsa, mo chuid fear le do chuidse, m'eachra le d'eachra.”


Chuir Acháb rí Iosrael ceist ar Iahóiseáfát rí Iúdá: “An dtiocfaidh tú liom go Rámot Gileád?” D'fhreagair Iahóiseáfát: “Táimse chomh hullamh chun catha leat féin, agus mo mhuintirse le do mhuintirse.”


Ghabh Iéahú mac Hanáiní, an físí, amach ina choinne, agus dúirt sé leis an rí Iahóiseáfát: “Ar chóir duit lámh chúnta a thabhairt don choirpeach? Ar chóir duit grá a thabhairt dóibh siúd ar fuath leo an Tiarna agus a fhearg a thabhairt sa mhullach ort dá bharrsan?


An té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí; bíodh amadáin mar chairde aige, agus beidh sé thíos leis.


Ná bíodh aon dul amú oraibh: “milleann drochchomhluadar dea-bhéasa.”


agus ná bíodh aon pháirt agaibh i ngnóthaí seasca an dorchadais ach iad a cháineadh.


Mar an té a bheannaíonn dósan, tá sé páirteach ina chuid oilc.


Agus an té a bheireann bua agus a choimeádann m'oibreacha go dtí an deireadh, tabharfaidh mé údarás dó ar na ciníocha,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí