Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 22:39 - An Bíobla Naofa 1981

39 An chuid eile de stair Acháb, a imeachtaí go léir, an teach eabhair a thóg sé, agus na cathracha go léir a thóg sé, nach bhfuil siadsan go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

39 ¶ Anois an chuid oile do ghníomhuibh Ahab, agus a nuile ní dá ndearna sé, agus an tigh do rinne sé do iomhóg, agus na huile chaithreacha dar chuir sé súas, nach bhfuilid siád scríobhtha a leabhar croinice ríogh Israel?

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 22:39
16 Tagairtí Cros  

Rinne an rí chomh maith ríchathaoir mhór eabhair, agus chumhdaigh í le hór athleáite.


Bhí cabhlach Thairsís ar muir ag an rí in éineacht le cabhlach Híorám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus babúin.


An chuid eile de stair Iarobám, na cogaí a d'fhear sé, conas a rialaigh sé, tá sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael.


An chuid eile de stair Ásá, a ghaisce go léir, agus a imeachtaí ar fad (agus na cathracha a thóg sé), nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Ina sheanaois, ámh, bhí na cosa ag goilliúint air.


An chuid eile de stair Nádáb, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?


An chuid eile de stair Zimrí, an chomhcheilg a rinne sé, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?


An chuid eile de stair Omraí, a imeachtaí, agus a ghaisce, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?


An chuid eile de stair Bháiseá, a imeachtaí, agus a ghaisce, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?


Ansin chuaigh Acháb chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Achaizíá i gcomharbacht air.


An chuid eile de stair Achaizíá, a imeachtaí, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?


An chuid eile de stair Shealúm, an chomhcheilg a rinne sé, tá sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael.


Is geal leat an fhíréantacht, is gráin leat an mhioscais. Is uime sin a rinne Dia - do Dhia féin - thú a ungadh le hola an áthais thar lucht uile do chaidrimh.


Bhí fir Dhéadán ina gceannaithe agat; bhí margaí mórán oileán faoi do réir; d'íoc siad thú le starrtha eabhair is éabainn.


As daracha Bháiseán a rinne siad do rámhaí. Chuir siad do bhord le chéile le péine as Insí na Mara, agus é maisithe le heabhar.


Scriosfaidh mé idir theach geimhridh agus theach samhraidh, bascfar na tithe eabhair agus scartálfar mórán tithe, a deir an Tiarna.


[Is mairg] dá luíonn ar leapacha eabhair, a shíneann iad féin ar tholga; a chothaíonn iad féin ar uain an tréada, agus ar na gamhna as na stalla;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí