Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 22:34 - An Bíobla Naofa 1981

34 Ach tharraing duine de na saighdiúirí a bhogha de bhuille faoi thuairim agus bhuail sé rí Iosrael idir éide chatha agus lúireach. “Iompaigh timpeall,” arsa an rí lena chairbtheach, “agus beir leat as an gcath mé, mar táim gonta.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 ¶ Agus do tharruing duine eígin bogha go teagmhuiseach, agus do bhuáil sé rígh Israel eidir altuibh an scabail: uimesin a dubhairt sé ré na chóisteóir, Iompóigh do lámh, agus beir amach as a tslúagh me; óir atáim loitidh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 22:34
11 Tagairtí Cros  

Chuaigh dhá chéad fear le hAibseálóm ó Iarúsailéim; bhí cuireadh acu, agus thángadar gan urchóid ina gcroí ná eolas ar bith acu.


Ansin labhair Míocáia: “Chonaic mé Iosrael go léir scáinte ar na sléibhte, mar chaoirigh gan aoire. Agus dúirt an Tiarna: ‘Níl máistir orthu seo; téadh gach duine abhaile faoi shíocháin.’ ”


agus thuig ceannairí na gcarbad nárbh é rí Iosrael é, agus d'éiríodar as an tóir air.


Ach ghéaraigh ar an gcath i gcaitheamh an lae; coimeádadh an rí ina sheasamh ina charbad le teanntaí agus a aghaidh ar na hArámaigh nó go bhfuair sé bás tráthnóna, agus fuil a chréachta ag sní ar urlár an charbaid.


Ach tharraing Iéahú a bhogha le lán a nirt agus d'aimsigh Iórám idir an dá shlinneán; chuaigh an tsaighead trí chroí an rí, agus thit sé ar lár ina charbad.


Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad: “Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.”


Chuir sé cath air i Má Mhigideo. D'aimsigh na saigheadóirí Ióisíá rí, agus dúirt an rí lena lucht leanúna: “Beirigí libh mé! Táim tromghonta.”


Cé a labhraíonn agus go ndéantar beart dá réir, mura gceadaíonn an Tiarna é?


Ní amhlaidh go deimhin! Ach tosóidh mé ar thú a bhualadh agus ar scaoll a chur ionat de dheasca do pheacaí.


Bhí lúirigh orthu mar lúirigh iarainn, agus bhí torann a sciathán mar a bheadh torann mórán carbad agus a gcapaill ar ruathar chun catha.


Chuir Dáiví a lámh ina mhála, thóg cloch as, agus chaith as a chrann tabhaill í gur bhuail an Filistíneach i gclár a éadain; ghabh an chloch trí chlár a éadain agus thit sé ar a bhéal ar an talamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí