Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 22:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 “Sin rud a gheobhaidh tú amach,” d'fhreagair Míocáia, “an lá a theithfidh tú isteach i seomra cúil le dul i bhfolach.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Agus a dubhairt Micaiah, Féuch, do chífe tú sin annsa ló, a racha tú a seomra a bhfad a steach dot fholach féin.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 22:25
13 Tagairtí Cros  

Theith an chuid eile isteach i gcathair Afaec, ach thit na ballaí anuas ar an bhfiche seacht míle a bhí fágtha. Theith Bein Hadad freisin agus fuair dídean i seomra cúil sa chathair.


Dúirt rí Iosrael: “Gabhaigí Míocáia, agus tugaigí ar láimh é d'Ámon, rialtóir na cathrach, agus don Phrionsa Ióáis,


Nuair a shroichfidh tú an áit sin, lorg Iéahú mac Iahóiseáfát mac Nimsí. Téigh isteach agus abair leis éirí agus imeacht óna chomrádaithe, agus tabhair isteach i seomra cúil é.


Ar an ábhar sin is mar seo a deir Tiarna na Slua i dtaobh na bhfáithe: Anois beathóidh mé iad le mormónta, agus tabharfaidh mé uisce nimhiúil dóibh le hól, mar is ó fháithe Iarúsailéim amach a leathnaigh aindiagacht ar fud na dúiche.


ar an ábhar sin - a deir an Tiarna - gearrfaidh mé pionós ar Sheamaiá ó Nihealám agus ar a shliocht ina dhiaidh; fireannach amháin dá chlann ní mhairfidh beo i measc na ndaoine seo le go bhfeicfeadh an mhaith a dhéanfaidh mé ar mo phobal - an Tiarna a labhraíonn - de bhrí gur theagaisc sé iompú ón Tiarna.’ ”


Agus faoi mar a bhí ráite ag an Tiarna tháinig Hanamael mo chol ceathrar chugamsa i gCúirt an Gharda. Dúirt liom: ‘Ceannaigh mo gharraí atá in Anatót, óir is leat ceart a oidhreachta agus a fhuascailte, ceannaigh duit féin é.’ Bhí a fhios ansin agam gurbh é sin ordú an Tiarna.


Maith go leor, seo mar a deir an Tiarna: “Rachaidh do bhean le striapachas sa chathair, titfidh do mhic agus do iníonacha leis an gclaíomh, roinnfear d'fhearann leis an dorú, gheobhaidh tú féin bás ar thalamh truaillithe, agus rachaidh Iosrael ar deoraíocht i bhfad i gcéin óna thír dhúchais.”


Mharaíodar chomh maith, de bharr ar an ár, rithe Mhidián - Eiví, Reicim, Zúr, Húr agus Reaba, cúig rí Mhidián. D'imríodar bás de rinn claímh leis ar Bhalám mac Bheór.


Ach tharla fáithe bréige freisin i measc an phobail, faoi mar atá oidí bréige chomh maith in bhur meascsa; déanfaidh siadsan tuairimí díobhálacha a thabhairt isteach go cealgach agus séanfaidh siad fiú an máistir a cheannaigh iad, agus tabharfaidh siad drochíde sa mhullach orthu féin go tobann.


Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí